Cealla Beaga

Beidh ócáid eolais á reáchtáil ag an Roinn Comhshaoil sna Cealla Beaga inniu le plé a dhéanamh ar Phlean Forbartha Fuinnimh Inathnuaite ar an Fharraige.

Is in Óstán an Tara sna Cealla Beaga a bheidh an ócáid ar siúl, ón 2.00 inniu.

D'iarr an Comhairleoir Contae Niamh Kennedy ar an phobal freastal ar an ócáid, go háirithe ar iascairí an cheantair.

Tá comhairliúchán poiblí ar bun ag an Roinn maidir le Plean Forbartha Fuinnimh Inathnuaite ar an Fharraige, agus tá deis aighneachtaí a dhéanamh faoin phlean go dtí an 20 Aibreán.

Tá sé tábhachtach go mbeidh ionchur ag pobail cois cósta maidir le forbairt feirmeacha gaoithe amach ón chósta, a dúirt an Comhairleoir Kennedy.

Meiriceá

Tá comhráití ar bun ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Plymouth in Massachusetts Mheiriceá maidir le nasc oifigiúil a chruthú idir an dá cheantar.

Tugadh le fios ag cruinniú de Choiste Polasaí Straitéisigh Eacnamaíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall le gairid go bhfuair an Chomhairle iarratas ón Roinn Gnóthaí Eachtracha an Samhradh seo caite, ag iarraidh orthu a dhul i mbun comhráití le Comhairle Plymouth, le nasc a chruthú idir an dá údarás.

Dúirt Stiúrthóir Rannóg Forbartha Eacnamaíochta na Comhairle, Gary Martin go dtug ionadaithe ón Chomhairle cuairt ar Chomhairle Plymouth le gairid, agus go bhfuil féidearthachtaí móra comhoibriú a chur ar bun idir an dá réigiún.

Dúirt sé go bhfuil deiseanna comhoibriú a chur ar bun maidir le cúrsaí turasóireachta, na healaíona agus cultúr, an eacnamaíocht ghorm agus ionaid nuálaíochta.

Chuir Cathaoirleach an Choiste Polasaí Straitéisigh Eacnamaíochta, An Comhairleoir Ciarán Brogan, fáilte roimh na cainteanna seo.

Dúirt sé go gcuirfear tuairisc eile ar an dul chun cinn maidir leis na cainteanna os comhair cruinniú den choiste níos moille, agus go gcuirfear moladh ansin os comhair cruinniú iomlán de Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Machaire Gathlán

Caithfear a theacht ar réiteach buan maidir le cúrsaí páirceála ag an chéibh úr i Machaire Gathlán i nGaoth Dobhair, a dúirt an Comhairleoir Michéal Cholm Mac Giolla Easpaig.

Dúirt sé go mbeidh dhá bhád farantóireachta ag úsáid na céibhe an samhradh seo, ag freastal ar oileán Ghabhla, gan trácht ar an phobal a bhaineann úsáid as an trá ansin, agus go mbeidh gá le spás breise páirceála ag an chéibh.

Caithfear plean bainistithe tráchta a chur i bhfeidhm i gcomharsanacht na céibhe, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig.

D’iarr sé ar an Chomhairle Contae tosaíocht a thabhairt don chás seo, agus achan iarracht a dhéanamh córas tráchta agus carrchlós níos mó, a chur ar fáil ansin, roimh shéasúr an tsamhraidh.

Croí Cónaithe

Tá Oifigeach Tithe Folmha ceaptha in achan chontae sa tír ach amháin i nDún na nGall, a dúirt an tAire Stáit sa Roinn Tithíochta, Kieran O’Donnell sa Dáil le gairid.

Bhí sé ag tagairt don scéim Croí Cónaithe, a chuireann deontais ar fáil le cóiriú a dhéanamh ar thithe atá folamh nó tréigthe le gur féidir cónaí iontu arís.

Dúirt an tAire Stáit O’Donnell go bhfuil Oifigeach Tithe Folmha ag achan údarás áitiúl sa tír ach i nDún na nGall, agus go bhfuil earcaíocht ar bun chun an post sin a líonadh sa chontae go fóill.

Athlonnú

Tá Rannóg Forbartha Eacnamaíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall go fóill ag díriú go mór ar an fheachtas chun daoine a mhealladh le lonnú sa chontae.

Dúirt Anne Marie Conlon, Ceannasaí Forbartha Eacnamaíochta na Comhairle, go bhfuil an feachtas á reáchtáil acu ón 3ú lá d’Eanáir agus go gcuirfear tuilleadh béime ar an fheachtas seo ar an mhí seo chugainn.

Sé’n phríomhaidhm atá lena bhfeachtas ná daoine a mhealladh le teacht go Dún na nGall le bheith ag obair sa chontae, le gnó a chur ar bun sa chontae, nó lonnú sna moil dhigiteacha atá ar fáil ar fud an chontae, a dúirt sí.