Bóithre contúirteacha

Tá bealaí áirithe sa Chontae fíorchontúirteach le bheith ag tiomáint orthu maidin inniu mar gur thit go leor sneachta le linn na hoíche agus tá siocán ar bhóithre chomh maith agus tá seo ag cruthú go leor deacrachtaí do thiománaithe maidin inniu.

Tá an teocht go fóill faoin reophointe agus in ainneoin go bhfuil leoraithe leata grin na Comhairle Contae ag cur grin ar na bóithre ó luath maidin inniu agus d'fhéadfadh siocán a bheith orthu ó shin.

Tá tuairiscí faighte againn go bhfuil bealach chúl na hEaragaile thar a bheith contúirteach maidin inniu go háirithe i gceantar Loch an Ghainimh áit a bhfuil go leor siocáin agus sneachta ar an bhealach ansin agus tá carr den bhealach i Mín na Cuinge i nGaoth Dobhair.

Tiocfaidh deireadh leis an stádas oráiste sneachta agus siocáin atá i bhfeidhm sa Chontae ar an 10 a chlog maidin inniu agus beidh an stádas buí sneachta agus siocáin i bhfeidhm go dtí 12 meán lae.

Ionsaí á fhiosrú

Tá fiosrúchán ar siúl ag Gardaí Bhun Dobhráin maidir le hionsaí a rinneadh ar bhean sna 30idí ag teach cónaithe i mBun Dobhráin aréir.

Tharla an t-ionsaí i dtrátha 11:30 aréir agus tugadh an bhean chun na hotharlainne le haghaidh cóir leighis ach tuigtear nach bhfuil sí gortaithe go holc.

Ghabh na Gardaí bean sna 30idí maidir leis an eachtra seo agus tiocfaidh sí os comhair na cúirte maidin inniu.

Fios curtha 935 uair ar sheirbísí dóiteáin

Cuireadh fios ar sheirbhísí dóiteáin Chomhairle Contae Dhún na nGall 935 iarraidh anuraidh. Léiríonn na figiúirí is deireanaí ón Chomhairle Contae gur fhreastail seirbhísí dóiteáin na Comhairle ar 827 eachtra sa Chontae anuraidh.

Chomh maith leis sin cuireadh fios ar sheirbhísí dóiteáin na Sé Contae le tacú le seirbhísí dóiteáin Dhún na nGall 93 iarraidh anuraidh de réir na bhfigiúirí.

Scoil Earraigh

Beidh ar a laghad 200 duine i láthair ag Scoil Earraigh i Srath an Urláir amárach chun comóradh a dhéanamh ar 100 Bliain Mhairtírigh Dhroim Bó.

Beidh 50 duine as Ciarraí i láthair, gaolta Charlie Daly as Ciarraí, duine de na Mairtírigh a cuireadh chun báis ar an 14ú Márta 1923.

Déanfaidh Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Comhairleoir Liam Blaney an Scoil Earraigh a oscailt go hoifigiúil ag a 11.00 maidin amárach agus beidh díospóireachtaí, léachtaí agus cainteanna ar siúl ar feadh an lae.

Beidh ócáid i nDún Lúiche ar an Domhnach ag an teach ar gabhadh na Mairtírigh, agus beidh mórshiúl i Srath an Urláir tráthnóna Dé Máirt ag a 6.30, 100 bliain cothrom an lae a maraíodh na Mairtírigh.

Ócáid do thuismitheoirí

Beidh ócáid dírithe ar thuismitheoirí a bhfuil páistí faoi 12 bhliain d’aois acu in Óstán an Waterfront, An Clochán Liath inniu.

Beidh saineolaithe i láthair le labhairt faoi fhéin-aire do Thuismitheoirí agus beidh Síceolaí Cliniciúil i láthair le labhairt faoi na deacrachtaí a bhíonn ag páistí.

Beidh réimse de Cheardlanna éagsúla ar siúl chun cuidiú le tuismitheoirí agus saol a bpáistí a neartú agus a bhisiú.

Beidh seastáin chomh maith ó eagraíochtaí áirithe atá ag obair le Teaghlaigh agus le páistí.