Cúram ar na bóithre
Tá Comhairle Contae Chiarraí ag moladh do thiománaithe a bheith aireach ar maidin ar thalamh ard.
Tá sneachta ar Mhám Conarach i gCorca Dhuibhne agus ar theorainn an chontae idir Ciarraí agus Baile Bhuirne.
Tá ag teip ar leoraithe móra Cnoc na Bearna a shárú, ar an bpríomhbhóthar ó Chiarraí go Luimneach, idir Mainistir na Féile agus an Caisleán Nua.
Tá criúnna de chuid Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh i mbun cóireála ar an stráice sin ar maidin.
Tá foláireamh buí aimsire i bhfeidhm don tír ar fad, do shneachta agus do leac oighir, agus beidh sé i bhfeidhm go dtí 11 a chlog anocht.
Teach tábhairne ar diol
Fógraíodh go bhfuil Tábhairne na hUíne sa Chillín Liath i gceantar Gaeltachta Uíbh Ráthaigh le díol ag The Property Shop.
Bhí gnó tí tábhairne rathúil á rith anseo ó 1989 agus tá sé beartaithe ag na húinéirí, Muintir Chonchúir, dul ar scor.
Tá ceithre cinn de sheomraí leapa agus spás siopa chomh maith san fhoirgneamh atá 10 nóiméad tiomána ón gCoireán. Tá an tábhairne ar 1.7 acra talún agus tá spásanna páirceála ar fáil ar an láthair.
Ní ghlacfar le tairiscintí níos lú ná €400,000, a deir propertyshop le Nuacht an Deiscirt.
Tithíocht shóisialta pobail
Ba cheart do ghrúpaí pobail ar fud na gCeantar Gaeltachta, iarracht a dhéanamh Comhlacht Ceadaithe Tithíochta a bhunú, mar a rinne Comhlacht Tithe Sóisialta agus Forbartha an tSuláin i nGaeltacht Mhúscraí.
Sin é an chomhairle atá ag cisteoir an chomhlachta sin, Micheál ó Ceallacháin.
In agallamh don gclár Adhmhaidin inniu, dúirt sé go bhfuil tacaíocht airgid faighte acu ó Chomhairle Contae Chorcaí chun suas le 20 tigh a thógáil, de dheasca an stádas sin a bheith acu.
Junk Kouture
Ainmníodh trí thogra inné a rinne daltaí ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, i gCraobh Réigiúnach na Mumhan don gcomórtas faisin inmharthana Junk Kouture.
I measc na dtograí eile a cháiligh don mbabhta réigiúnach bhí dhá cheann ó Ardscoil na nDéise, i nDún Garbhán agus dhá cheann ó Ghaelcholáiste Chiarraí i dTrá Lí.
Fógrófar buaiteoirí na craoibhe réigiúnaí, a rachaidh ar aghaidh go dtí an babhta ceannais i mBaile Átha Cliath, ag a haon a chlog inniu.
Bialanna Chorca Dhuibhne
D'éirigh go maith le gnólachtaí Chorca Dhuibhne inné ag Gradaim Chontae Bhialanna na hÉireann aréir.
Ainmníodh Louise Ní Bhrosnacháin ó Mex Wex ina laoch áitiúil bia do Chontae Chiarraí.
Bronnadh gradaim Chontae chomh maith ar Solas Tapas, ar Thyme Out, agus ar Seed agus Soul
I gcontae Phort Láirge, bronnadh gradaim ar bhialann an Tannery i nDún Garbhán agus ar bhácús Dhún Artizan
Comhdháil Turasóireachta
Is ar maidin inniu in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin a thionólfar Comhdháil Turasóireachta Inbhuanaithe Chorca Dhuibhne.
Is é an t-ailtire Duncan Stewart a bheidh ina aoichainteoir ag ócáid an lae inniu, agus beidh cur i láthair chomh maith ó Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan maidir le togra nua Eorpach atá ar bun acu, a bhfuil baint aige leis