Cúram ar na bóíthre de dhíth

Táthar ag moladh do thiománaithe a bheith cúramach ar maidin agus cuid de bhóithre an chontae sleamhain de bharr seaca.

Bhí an teocht ar chuid de na bóithre dhá chéim faoi bhun an reophointe aréir agus bhí leoraithe leata grin na Comhairle Contae amuigh ón 5 a chlog tráthnóna inné.

Tá foláireamh aimsire stádas buí do theocht íseal agus siocán i bhfeidhm ag Met Éireann go dtí a 9 a chlog maidin inniu agus rabhadh aimsire eile stádas buí le cur i bhfeidhm ó mhaidin Déardaoin go dtí meán lae Dé hAoine.

gTeiceanna

De réir an eolais atá faighte ag an chlár 7 Lá ar TG4 ní raibh ach 29% de na suíocháin i gteiceanna Dhún na nGall in úsáid ag deireadh na bliana anuraidh, an líon ba lú sa tír.

Bhí 80% de na suíocháin lán i gteiceanna Mhaigh Eo, 78% i nGaillimh, 52% i gCiarraí agus 40% i gCorcaigh.

Tá 398 suíochán ar fáil i gteiceanna Dhún na nGall, agus ba 116 suíochán a bhí glactha ag deireadh na bliana, rud a d'fhág go raibh 270 suíochán folamh.

Tá 302 suíochán i gteic Ghaoth Dobhair, 25 suíochán i gCill Chartha, 12 ar an Tearmann, 11 in Árainn Mhór, 10 sna Dúnaibh, 20 sna Rosa agus 18 i gCarraig Airt.

Tugadh le fios don chlár 7 Lá fosta, go bhfuil caiteachas €5.8 milliún déanta go dáta chun na gteiceanna Gaeltachta a thógáil.

Bhain an caiteachas ba mhó le tógáil gteic Ghaoth Dobhair, caiteachas €2.3 milliún.

Bhain caiteachas €239,000 le tógáil gteic an Chlocháin Léith, €80,000 le tógáil gteic Charraig Airt agus €95,000 le gteic Bhaile na Finne.

Líonra

Beidh ócáid ar siúl i Leitir Ceanainn an tseachtain seo chugainn, dírithe ar lucht gnó an bhaile, le heolas a chur ar fáil faoi na buntáistí agus na deiseanna a bhaineann leis an Ghaeilge do lucht gnó.

Tá sé seo á eagrú ag Líonra Leitir Ceanainn agus beidh sé ar siúl Dé Céadaoin seo chugainn in Ostán Dillons sa bhaile.

Dúirt Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Phlean Teanga Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Leitir Ceanainn, go mbeidh achan iarracht á ndéanamh acu an teanga a chur go mór chun cinn i ngnónna an bhaile, agus dúirt sí go bhfuil go leor suime á léiriú san ócáid seo.

Dúirt sí fosta go bhfuil go leor daoine ag léiriú suime i ranganna Gaeilge i Leitir Ceanainn, agus gur thosaigh cúigear ban as Ceanada, ón India, ón Pholainn, ón Spáinn agus ón tSiombáib ranganna Gaeilge leo an tseachtain seo.

Cró na Leacht

Tá socrú déanta ag Rannóg Pleanála Chomhairle Contae Dhún na nGall síniú ama a chur leis an tréimhse atá ag Feirm Ghaoithe Chró na Leacht i nGaoth Dobhair eolas breise a chur ar fáil faoin iarratas athchumhachtú a dhéanamh ar a bhfeirm ghaoithe.

Lorg Feirm Ghaoithe Chró na Leacht síneadh trí mhí ón Chomhairle chun eolas breise a chur ar fáil faoin fhorbairt atá beartaithe acu, agus d’aontaigh an Chomhairle go dtabharfaí síneadh dóibh go dtí an 7 Aibreán chun gur féidir eolas breise a chur ar fáil.

Rinne an comhlacht iarratas chuig an Chomhairle Contae ar an 11 Bealtaine anuraidh, athchumhachtú a dhéanamh ar an fheirm ghaoithe atá acu, agus ocht gcinn de thuirbíní atá ar an láthair a thógáil ar shiúl agus trí thuirbín 150 méadar ar airde a thógáil ar an láthair ina n-áit.

Jason Black

Déanfaidh an Dreapadóir Jason Black Comhdháil dírithe ar Thogra Trail Gazors a sheoladh inniu in Óstán an Ghrianáin i mBeart.

Béarfar eolas ar na tacaíochtaí uilig atá ar fáil don Togra ó mhargaíocht dhigiteach go siúlóidí, ó phacáistí turasóireachta go pleananna gníomhaíochta agus béarfar eolas chomh maith ar na deiseanna uilig atá sa chontae maidir le himeach