Comhar Creidmheasa

Tá sé tugtha le fios ina dtuarascáil bhliantúil ag Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne go bhfuil tús curtha acu le próiséas cónasctha le Comhar Creidmheasa CARA, d'fhonn an Comhar Creidmheasa a neartú.

Deir Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne go mbeidh caomhnú agus forbairt na Gaolainne ina mbunchloch sa chónascadh agus go bhfuil coiste stiúrtha ceaptha chun an cónascadh a chur chun cinn.

Maíonn Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne go mbeidh breis seirbhísí ar fáil dá mbaill leis an gcónascadh seo agus nach mbeidh aon athrú ar fheidhmiú ná ar fhostaíocht ina n-oifig sa Daingean dá bharr.

Beidh a gcruinniú cinn bliana ag Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne coicís ó inniu, Dé Céadaoin an 22 Márta.

Plean Gnímh Mhúscraí

Seoladh Plean Gnímh 5 bliana Mhúscraí ag ócáid i dTábhairne Bharr an Choma aréir.

Fuarthas 242 smaoineamh ó 81 rannpháirtí le linn na tréimhse comhairliúcháin phoiblí faoin bplean.

Ón méid sin, foilsíodh 70 moladh sa phlean, maidir le conas Múscraí a chur chun cinn, agus an pobal a threisiú sa cheantar.

Féachfaidh Údarás na Gaeltachta ar an bPlean anois, agus cífidh siad conas is féidir na moltaí seo a chur i bhfeidhm.

Suíocháin gTeiceanna

Tá líon na suíochán i Gteiceanna Chontae Chiarraí méadaithe faoi thrí le bliain anuas, agus tá dúbailt ar líon na suíochán sna Gteiceanna i gContae Chorcaí.

Sin a léirítear sna figiúirí is déanaí ó Údarás na Gaeltachta a cuireadh ar fáil don chlár 7 Lá ar TG4.

Bhí 37 ag obair i Gteiceanna Chiarraí ag deireadh na bliana seo a d’imigh tharainn, agus 12 i gContae Chorcaí.

Tugadh le fios chomh maith go bhfuil gteiceanna nua beartaithe don Rinn Ó gCuanach agus do Bhaile Bhuirne

Cartlann Mháire Mhac an tSaoi

Tuairiscítear ar an suíomh Tuairisc.ie ar maidin, go bhfuil cartlann Mháire Mhac an tSaoi, file, díolta le hOllscoil Princeton sna Stáit Aontaithe, toisc nach ndearna aon institiúid léinn in Éirinn aon tairiscint ar na cáipéisí.

Deir Conor Kenny ó Siopa Leabhar Uí Chionnaith i nGaillimh, gur chuireadar pacáiste eolais go dtí 500 leabharlannaí sa tír agus gur thugadar cuairt ar na hollscoileanna go léir agus ar insititiúidí eile chun iad a chur ar an eolas faoin gcartlann ach, cé gur léiríodh suim inti, nach bhfuarthas aon tairiscint.

Bhí dlúthbhaint ag Máire Mhac an tSaoi le Dún Chaoin ó laethanta a hóige agus tigh aici sa dúiche. Cailleadh í in 2021 in aois a 9 mbliana déag agus ceithre fichid.

Ailtire aitheanta ar cuairt ar an Daingean

Tabharfaidh an t-ailtire mór le rá, Duncan Stewart cuairt ar Chorca Dhuibhne inniu, agus ar cheann de na háiteanna a dtabharfaidh sé cuairt orthu, beidh Coláiste Íde i mBaile an Ghóilín, ceann de na tithe is ársa sa dúiche.

Tabharfaidh an staraí Micheál Ó Coileáin stair agus cúlra an Choláiste le linn a thurais agus tabharfaidh sé léacht do na daltaí faoin éiceolaíocht. Beidh Duncan Stewart páirteach sa mhaidin eolais agus seimineár a bheidh ar bun in Ionad an Bhlascaoid leis, áit a bpléifear an turasóireacht inbhuanaithe ar an leithinis.

Inniu Lá idirnáisiúnta na mBan agus déanfar comóradh ag comhdháil Lae i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh inniu ar Mhná na hAthbheochana in Éirinn.

Cuirfear tús le clár an lae i Mol na hOllscoile ag leathuair tar éis a naoi.