Otharlann Leitir Ceanainn

D'fhág chóir a bheith 2,000 othar Aonad Timpiste agus Éigeandála Otharlann Leitir Ceanainn le dhá mhí dhéag anuas, sula bhfuair siad an chomhar leighis a bhí uathu.

Dúradh ag cruinniú de Fhóram Sláinte an Iarthair tráthnóna inné, gur fhreastal 45,676 othar ar Aonad Timpiste agus Éigeandála Otharlann Leitir Ceanainn anuraidh, agus gur fhág 1,947 acusan sula bhfuair siad an chomhar leighis a bhí uathu.

Ag an chruinniú céanna inné dúirt Príomhfheidhmeannach Ghrúpa Otharlanna Saolta, Tony Canavan go mbeidh 91 leaba bhreise de dhíth in Otharlann Leitir Ceanainn faoin bhliain 2030 le déileáil leis an éileamh a meastar a bheas ar sheirbhísí san otharlann faoin am sin.

Otharlann Naomh Conall

Tá plean caipitil a chur le chéile chun athfhorbairt a dhéanamh ar na sean fhoirgnimh fholma atá I ndroch staid ag campas Otharlann Naomh Conall I Leitir Ceanainn, a dúirt Dermot Monaghan, Príomhoifigeach Sláinte Pobail Fheidhmeannas Sláinte an Iarthair.

Dúirt sé go bhfuil infheistíocht mhór déanta ag an HSE I bhfoirgimh ar champas Otharlann Naomh Conall le deich mbliana ach go bhfuil go leor eile le déanamh ar fhoirgnimh eile sa champas go fóill.

Seirbhísí meabhairshláinte

Tá seirbhísí meabhairshláinte Dhún na nGall ag freastal ar dhaonra de chor a bheith 160,000 duine agus tá infheistíocht mhór déanta sna seirbhísí meabhairshláinte sa chontae le cúpla bliain, a tugadh le fios inné do bhall de Fhóram Sláinte an Iarthair, an Comhairleoir Ciarán Brogan.

Dúradh leis go bhfuil uasghrádú ollmhór ar chostas 1.2mEuro a dhéanamh ar Aonad Meabhairshláinte Otharlann Leitir Ceanainn, agus go leanfar leis an obair sin bliain go leith eile.

Róluas

Do réir figiúirí atá eisithe ag an Gharda Síochána maidin inniu buanaithe ar a bhfeachtas luais ceithre huaire fichead go maidin inniu, beireadh ar thiománaí i nDún na nGall ag tiomaint ag luas 88 ciliméadar san uair áit a raibh teora luais 50km san uair I bhfeidhm ar bhealach an R265 ag Baile an Phoirt i gceantar Leifear.

Bhí dian fheachtas ar bun ag Gardaí ar bhóithre ón 7.00 ar maidin inné go dtí'n 7.00 ar maidin inniu, dírithe ar chúrsaí luais mar pháirt don fheachtas Lá Náisiúnta Moilliú Luais.

Deir na Gardaí gur beireadh ar níos mó ná 628 tiománaí ar fud na tíre a bhí ag sárú teorainneacha luais, mar pháirt de Lá Náisiúinta Moilliú Luais.