Aontú
Dúirt Cathaoirleach Aontú i nDún na nGall Liam Mulligan go bhfuil súil ag an Pháirtí go n-éireoidh leo ar a laghad suíochán amháin a fháil sna toghcháin áitiúla i nDún na nGall ar an bhliain seo chugainn.
Dúirt sé go bhfuil an páirtí dóchasach go mbeidh suíochán ag Mary T. Sweeney i gceantar bardais Leitir Ceanainn an chéad uair eile, i ndiaidh dí 7.3% den vóta a fháil sna toghcháin áitiúla i 2019.
Bhí a gcruinniú cinn bliana ag Aontú i nDún na nGall ag an deireadh seachtaine, agus rinneadh plé mion ar na ceisteanna is mó atá ag cur isteach ar phobal na contae.
Dúirt Liam Mulligan go bhfuil athrú polaitíochta ag teastáil ó phobal Dhún na nGall, agus gur féidir le Aontú an t-athrú sin a dhéanamh.
Dhearbhaigh sé go mbeidh David McDwyer as na Gleannta mar iarrthóir i gceantar bardais na nGleanntach ag an pháirtí ar an bhliain seo chugainn.
Dídeanaithe
Tá míshuaimhneas i bpobail áirithe a bhfuil daoine ón Úcráin ar lóistín iontu, agus caithfear déileáil leis an mhíshuaimhneas sin, a dúirt ball de Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, An Comhairleoir Contae Barry Sweeney.
Tá gá seirbhísí agus ócáid a reachtáil le cuidiú le pobal na hÚcráine a bheith páirteach sna pobail ina bhfuil siad lonnaithe, a dúirt an Comhairleoir Sweeney.
Mhol sé gur cheart úsáid a bhaint as eagraíochtaí pobalbhunaithe ar nós an Cumann Lúthchleas Gael, le go mbeidh pobal na hÚcráine gníomhach in eagraíochtaí sna ceantair ina bhfuil siad.
Cumann na mBád Tarrthála
Tá Cumann na mBád Tarrthála i nDún na nGall ag lorg tuilleadh oibrithe deonacha le cuidiú leo a gcuid seirbhísí a reachtáil sa chontae.
Teastaíonn tuilleadh oibrithe deonacha i gcraobhacha an RNLI ar oileán Árainn Mhór, Na Dúnaibh agus Carraig Airt, Ard an Ráha, Na Gleannta agus Port Nua, na Rosa, Baile Dhún na nGall agus Bun Dobhráin.
Dúirt urlabhraí Chumann na mBád Tarrthála go guirfear an traenáil agus an oiliúint riachtanach ar fáil do dhaoine a bheadh sásta obair go deonach leis an tseirbhís