AirBnB

Tá toradh dearfach ar an fhiosrúchán a cuireadh ar bun i gceantar bardais na nGleanntach maidir le tuairsicí go raibh tionóntaithe ag ligean tithe de chuid na Comhairle Contae amach ar léas nó ar cíos ar Airbnb.

Thug Ceannasaí Rannóg Tithíochta an cheantair bardais, Michael Rowesome le fios an tseachtain seo go bhfuil seacht dteach faighte ar ais ag an Chomhairle sa cheantar bardais le tamall gairid, ag eascairt óna bhfiosrúcháin.

Dúirt sé fosta go bhfuil siad go fóill i mbun fiosrúcháin maidir le sé theach eile sa cheantar bardais, a bhfuil imní go bhfuil na tithe sin a ligean ar léas nó ar cíos ar Airbnb ag na tionóntaithe.

Tá imní ar Chomhairleoirí Contae go bhfuil go leor tithe de chuid na Comhairle a ligean amach ar cíos ar Airbnb ar fud na contae.

Cruinniú sláinte

Toghadh coiste ag cruinniú a bhí ag Grúpa Feachtais Otharlann Leitir Ceanainn aréir, le díriú ar na príomh easnaimh atá san otharlann i láthair na huaire.

Rinneadh suirbhé i measc a raibh i láthair ag an chruinniú aréir ar cad iad na príomh easnaimh atá san otharlann agus cad iad na príomh cheisteanna gur gá díriú orthu san fheachtas.

Toghadh Mary T Sweeney mar Chathaoirleach ar an choiste, toghadh Anne O'Neill mar Chisteoir agus toghadh Liam Mulligan mar Rúnaí ar an choiste.

Mica

Tá dréacht threoirlínte Scéim Chúitimh Mica curtha ar fáil ag an Roinn Tithíochta do Chomhairle Contae Dhún na nGall. Fuair an Chomhairle Contae cóip den dréacht ón Roinn Tithíochta ar maidin inné, agus tá 134 leathanach sa cháipéis.

Dúirt Cathaoirleach Choiste Mica na Comhairle Contae, an Comhairleoir Martin McDermott gur cheart go mbeadh cruinniú iomlán den Chomhairle Contae go luath chun an dréacht seo a phlé.

'Tá sé tábhachtach go mbeidh deis ag Comhairleoirí freagra a chur ar ais chuig an Roinn maidir le cibé leasú a meastar atá riachtanach a dhéanamh', a dúirt an Comhairleoir McDermott.

'Tá sé iontach tábhachtach go mbeidh glór agus ionchur ag na húinéirí talún maidir le cibé athraithe a bheas ag teastáil', a dúirt an Comhairleoir Rena Donaghey.

Dídean

Socraíodh ag cruinniú Choiste Polasaí Tithíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall inné, glacadh le Plean Gníomhaíochta do Dhaoine gan Dídean san Iar Thuaisceart don tréimhse 2023-2028.

Dúradh ag cruinniú an lae inné go dtáinig méadú 93% i líon na ndaoine i lóistín éigeandála san iar thuaisceart idir 2016-2022.

Tá méadú mór ar chásanna foiréigean baile i nDún na nGall le cúpla bliain, agus tá fadhbanna móra lóistín a chur ar fáil do íospartaigh foiréigean baile sa chontae, a tugadh le fios ag cruinniú an lae inné.

Tá moltaí sa phlean maidir le tacaíocht a thabhairt do dhaoine lena dtithe a choinneáil, comhoibriú le eagrais tithíochta agus cuidiú le daoine leochailleacha.

Cé gur chuir baill den Choiste Polasaí Tithíochta fáilte roimh an phlean oibre, dúirt siad go mbeidh buiséad agus maoiniú ag teastáil le go mbeidh biseach ar chúrsaí.