Ciorraithe maidir le ceadúnais tiomána

Tá imní léirithe ag an Chomhairleoir Contae Albert Doherty faoina ciorraithe móra atá beartaithe ag An tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána i nDún na nGall. Tá cosúlacht go bhfuil iarrachtaí na seirbhísí ar fad a chur ar líne agus nach mbeidh mórán seirbhísí feasta san oifig i Leitir Ceanainn nó i mBaile Dhún na nGall, chun ceadúnais tiomána a eisiúint. Deir sé go bhfuil eolas faighte aige go mbeidh ciorraithe a gcur i bhfeidhm ó mhí Mhárta ar aghaidh, agus nach mbeidh an dá oifig atá ag an NDLS oscailte Dé Luain, Dé Máirt nó Dé Céadaoin ó mhí Mhárta ar aghaidh. D'iarr sé ar An tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána iseirbhísí a chur ar bun in Ionaid Seirbhísí Poiblí Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus gan a dhul ar aghaidh lena bplean daoine a bhrú I dtreo seirbhísí ar líne.

Óstáin

Is dea scéala do phobal iarthar Dhún na nGall go mbeidh uasghrádú iomlán críochnaithe ar iar ostán Ghaoth Dobhair roimh dheireadh 2024, ag brath ar chead pleanála, a dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.
Dúirt sé gur maith an rud go mbeidh cead pleanála a lorg don fhorbairt roimh I bhfad, le go mbeidh ostán, ionad comhdhála agus bialanna a bhforbairt ar an láthair. Tá éileamh do sheomraí leapa do thuarasóirí agus do chuairteoirí sa ceantar, agus beidh buntáiste mór don cheantar agus an fhorbairt seo críochnaithe, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig.


Míoca

Tá achainí déanta ag grúpa úr atá curtha ar bun le agóid a eagrú faoin easpa dul chun cinn faoi scéim míoca ar Chomhairleoirí Contae Dhún na nGall, freastal ar agóid ag Teach Laighean seachtain ón lá inniu. Deir lucht eagraithe na hagóide go bhfuil súil acu go mbeidh mórchuid dena 37 Comhairleoirí ag an agóid ag Teach Laighean, lena míshástacht a chur in iúil faoin easpa dul chun cinn ar an scéim chúitimh. Bhí cruinniú ag an ghrúpa úr seo in Ostán an Ghrianán i mBeart aréir le tuilleadh socraithe a dheimhniú don agóid ar an tseachtain seo chugainn. Tá an dá bhrú ghrúpa, Grúpa Gníomhaíochta MICA agus Grúpa Feachtais MICA, ag tacú go hiomlán leis an agóid ar an Mháirt seo chugainn.