Tuarascáil Daft

Ba Dún na nGall an dara contae is saoire sa tír le teach a thógáil ar cíos anuraidh, de réir tuarascála úr ó Daft a foilsíodh ar maidin.

Ba Contae Liatroma an áit a ba shaoire de réir na bhfigiúirí. €960 ar an mheán a híocadh ar theach ar cíos i nDún na nGall anuraidh i comparáid le €1733 ar bhonn náisiúnta.

Léiríonn na figiúirí fosta go dtáinig ardú 18.2% ar chíos i nDún na nGall le bliain.

Sinn Féin

Beidh plé-sheisiún ag "Coimisiún ar Thodhchaí na hÉireann" á eagrú ag Sinn Féin i nDún na nGall tráthnóna inniu.

Is é iar Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh a bheas ina chathaoirleach ar an ócáid.

Ar an phainéal anocht, beidh iar phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Séamus Neely, Toni Forrester, príomhfheidhmeannach Chumann Tráchtála Leitir Ceanainn, Paul Hannigan a bhí mar Uachtarán Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, Noelle Duddy, iar Uachtarán Choiste Cúram Ailse DACC agus an tOllamh Terri Scott.

Is deis iontach a bheas anseo ag pobal Dhún na nGall a bheith páirteach san díospóireacht ar Éire Aontaithe, a dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.

Dúirt sé gur léir óna seisiúin i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste go bhfuil níos mó suime anois sa cheist maidir le Éire Aontaithe agus athrú bunreachta.

Caithfear ullmhú mar is ceart anois don athrú atá le teacht, a dúirt sé, agus freagraí a thabhairt ar cheisteanna ó dhaoine nach bhfuil cinnte faoin cheist, a dúirt sé.

Beidh an plé sheisiún seo ar siúl ag a 7 a chlog in Ionad Ealaíona Bhalor i mBealach Féich.

Sláinte

Beidh cruinniú ag Grúpa Feachtais Otharlann Leitir Ceanainn an tseachtain seo leis na deacrachtaí atá san otharlann a phlé.

Dúirt Margaret Nic Gaoithín, ball den ghrúpa, gur deis atá sa chruinniú eolas a fháil ar na héilimh atá ag muintir na contae ó taobh cúrsaí sláinte de.

Dúirt sí go bhfuil sé tábhachtach plé a dhéanamh ar na deacrachtaí agus seasamh le chéile le seirbhisí riachtanacha sláinte a chur ar fáil sa chontae.

Dúirt sí go bhfuil an oiread sin deacrachtaí san otharlann le roinnte blianta idir liostaí fada feithimh agus ganntanas seirbhisí agus foirne agus go bhfuil sé tábhachtach tuairimí a fháil ón phobal agus moltaí a dhéanamh ar dhóigheanna le cúrsaí a fheabhsú.

Beidh an cruinniú poiblí ar siúl Déardaoin seo, an séasú lá déag, ag 7.30 in Óstán Dillons i Leitir Ceanainn.

Comhairleoir contae

Glacfaidh Pauric McGarvey áit an iar-Chomhairleora Contae Ian Mac Gairbheith ag cruinniú speisiálta de Chomhairle Contae Dhún na nGall ar maidin inniu.

Is as Rath Maoláin do Pauric McGarvey, agus glacfaidh sé áit a uncail, an t-iar Chomhairleoir Ian Mac Gairbheith, a d'éirigh as i mí Feabhra, ag aois 92 bliain d'aois, agus é mar Chomhairleoir Contae ón bhliain 2004.

Líonfar na folúntais ar na coistí ar fad a raibh Ian MacGairbheith páirteach iontu ag cruinniú an lae inniu fosta.

Ina measc siúd beidh Coiste Oiléain na Comhairle Contae agus Coiste Talmhaíochta na Comhairle Contae.