An Craoslach
Tá cuid mhór de phobal an Chraoslaigh den tuairim nár cheart go gcraolfaí clár doiciméide ar TG4 anocht faoi thragóid an Chraoslaigh, a dúirt Clár Ní Fhiadh, as an Chraoslach, aintín le Áine Flanagan, a chaill iníon agus a páirtí sa tragóid,
Shauna Flanagan agus Robert Garwe. Níl sé ach ceithre mhí ó maraíódh deichniúr sa tragóid, agus tá sé I bhfad ró luath a leithid de chlár a chraoladh, a dúirt sí. Ba cheart fanacht go mbeidh fiosrúchán na nGardaí críochnaithe lena chraoladh, a dúirt sí.
Tá pobal an Chraoslaigh briste brúite go fóill, agus glacfaidh sé tamall iontach fada don phobal a theacht chucu féin I ndiaidh na tragóide, dar le Clár Ní Fhiadh.
Dúirt sí go gcuirfidh an clár anocht isteach go mór ar na teaghlaigh agus ar phobal an Chraoslaigh.
Dúirt TG4 I ráiteas tráthnóna inné go bhfuil ard mheas a léiriú sa chlár faoi thragóid an Chraoslaigh, daofa siúd a maraíodh sa tragóid agus nach bhfuil tuairisciú breise ar bith maidir leo siúd a maraíodh, nár tuairiscíodh go poiblí i ndiaidh na tragóide. Beidh tuilleadh faoin scéal seo ar Bharrscéalta inniu.
Foréigean baile
Deir Cumann Seirbhísí Foréigean Baile i gContae Dhún na nGall go bhfuil ardú tagtha ar an éileamh atá ar a gcuid seirbhisí le bliain.
Dúirt Róisín Ní Bhriain atá bainteach leis an chumann gur éirigh siad níos gnóthaí ó am na géarchéime sláinte agus go dtabharann siad tacaíocht anois do thart fá 100 duine sa mhí.
Dúirt sí go bhfuil line cabhrach saor in aisce ar fáil ceithre uaire fichid sa lá, dúirt si go bhfuil comhordnaitheach páistí ceaptha agus go gcuireann siad lóistín ar fáil i gcásanna éigeandála.
Tá Aonad Éigeandála ag an Chumann i Leitir Ceanainn.
Chuir an cumann lóistín ar fail do 85 duine anuraidh agus do 28 teaghlach.
Comórtas Peile na Gaeltachta
Beidh cruinniú poibl a reáchtáil ag Coiste Chomórtas Peile na Gaeltachta Naomh Muire Íochtar na Rosann sna Meilte i Mullach Dearg anocht.
Tá an cruinniú poiblí seo a eagrú ag an choiste le pobal na háite a chur ar an eolas faoi cad iad na pleananna atá beartaithe don chomórtas agus an tacaíocht atá a lorg acu ón phobal don deireadh seachtaine.
Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta Dhún na nGall na bliana seo ar siúl sna Meilte i Mullach Dearg an deireadh seachtaine idir an 2ú-5ú Meitheamh. Beidh an cruinniú na hoíche anocht ar siúl ag an 8 a chlog anocht.