Turasóireacht

Tá gá le socrú a bheith déanta le go mbeidh áiseanna ag láithreacha turasóireachta ar fud Dhún na nGall le go mbeidh lucht carabháin ábalta réitigh a fháil dá mbruscar, a dúirt an Comhairleoir Contae Michael McClafferty.

Dúirt sé nach bhfuil freastal mhaith a dhéanamh ar lucht carabháin a thagann ar cuairt go Dún na nGall, agus nach bhfuil go leor áiseanna chun freastal orthu.

D'iarr sé ar an Chomhairle Contae áiseanna a chur ar fáil sa chontae le gur féidir le lucht carabháin réitigh a fháil dá mbruscar.

D'iarr sé go mbeadh an obair seo déanta roimh shamhradh na bliana seo chugainn.

Inis Eoghain

Ba cheart go mbeadh níos mó ceantair i leithinis Inis Eoghain san áireamh faoi scéim CLÁR ná mar atá, a dúirt an Comhairleoir Contae Albert Doherty.

Tá na ceantair seo go mór faoi mhíbhuntáiste mar nach bhfuil na deiseanna céanna acu ó thaobh infheistíochta de, a dúirt sé.

Tá go leor buntáistí le bheith san áireamh i scéim CLÁR, agus níl sé ceart nó cóir go bhfuil ceantair atá go mór faoi mhíbhuntáiste fágtha as an áireamh faoin scéim, a dúirt an Comhairleoir Doherty.

Dúirt sé go bhfuil sé ag tógáil na ceiste seo le sé bliana ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall agus ag Comhairle Contae Dhún na nGall, agus nach bhfuil dul chun cinn ar bith a dhéanamh.

Íocadh thar 330M Euro de íocaíochtaí le feirmeoirí Dhún nGall i scéimeanna tacaíochta idir 2020 agus 2022.

Scéimeanna tacaícochta

Bhí Dún na nGall ar an séú contae is mó sa tír ó thaobh íocaíochtaí a fuair feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta ón bhliain 2020.

Faoin scéim talmhaíochta BASIC, fuair 8,392 feirmeoir i nDún na nGall tacaíocht faoin scéim sin anuraidh. Íocadh luach 59m Euro de dheontais faoin scéim seo sa chontae i 2020, 58m Euro i 2021 agus 60m Euro anuraidh.
Fuair chor a bheith 8,000 feirmeoir sa chontae íocaíocht le trí bliana faoi Scéim Ceantair Faoi Shrianta Nádúrtha, ANC.

B'fhiú thar 69mEuro na híocaíochtaí sin le trí bliana. Ba é an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue a thug an t-eolas seo I gceist Dála ón Teachta Dála Cathal Crowe.

Teagasc

Beidh cruinniú a eagrú ag Teagasc i Leitir Ceanainn anocht le heolas a thabhairt do fheirmeoirí ar na hathraithe atá tagtha ar Phlean Gníomhaíochta Níotráití.

Beidh cur síos le linn an chruinnithe ar an tionchar atá ag cúrsaí feirmeoireachta ar chaighdeán uisce.

Cuirfear béim anocht ar na hathraithe ar Phlean Gníomhaíochta Níotráití idir 2020 agus 2022 agus an tionchar a bheas ag na hathraithe sin ar fheirmeoirí.

Is in Ostán an Mount Errigal i Leitir Ceanainn a bheas an cruinniú ar siúl anocht ag a 8.00

Míoca

Tá sé curtha in iúl ag Grúpa Gníomhaíochta Míoca go bhfuil an agóid a bhí beartaithe taobh amuigh de Theach Laighean amárach curtha ar athló.

Rinne an grúpa teagmháil le Comhairleoirí Condae Dhún na nGall ag iarraidh go ndéanfadh siad freastal ar an agóid lena dtacaíocht a chur in iúl d'úinéirí tí a bhfuil brící lochtacha míoca ina dtithe.

Deir an Grúpa go mbeidh an agóid ar siúl anois níos moille an mhí seo ar dháta atá le socrú.