Plean Seirbhíse

Rinneadh plé leitheadach ar Phlean Seirbhíse Chomhairle Contae Dhún na nGall do 2023 ag cruinniú Chomhairle Contae Dhún na nGall inné, sular glacadh leis an phlean ar mholadh ón Chomhairleoir Patrick McGowan, agus an Comhairleoir Marie Therese Ní Ghallachóir ag tacú leis.

Dúirt an Stiúrthóir Comhshaoil, Michael McGarvey gur seo an 7ú bliain Plean Seirbhíse a aontú ag an Chomhairle, agus gur plean gníomhaíochta atá ann bunaithe ar bhuiseád airgeadais na Comhairle Contae don bhliain reatha.

Rinneadh plé le linn na díospóireachta ar an cheist seo ar tuilleadh infheistíochta i seirbhísí bóithre, seirbhísí dóiteáin, turasóireacht, soilse poiblí agus áiseanna do dhaoine le míchumas.

Rinneadh plé fosta ar an easpa reiligeacha i nDún na nGall, agus an easpa spáis atá i reiligeacha sa chontae. Dúradh gur cheart go mbeadh ról ag an Chomhairle Contae le reiligeacha úra a bhunú do dhaoine nach bhfuil aon chreideamh acu.

Oileáin

Caithfear díriú go mór ar sheirbhísí dóiteáin ar oileáin Dhún na nGall, i bPlean Seirbhíse Chomhairle Contae Dhún na nGall don bhliain seo, a dúirt an John Shéamuis Ó Fearraigh.

D'iarr sé go mbeadh briogáid agus stáisiún dóiteáin ar oileán Thoraí agus go mbeadh tuilleadh infheistíochta sna seirbhísí dóiteáin in Árainn Mhór.

Dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh fosta nach bhfuil sé ceart gur ó bhuiséad cheantar bardais na nGleanntach a thagann an t-airgead le cothabháil a dhéanamh ar Bhealach Chúl an Earagail, agus gur ón Rialtas a ba cheart maoiniú a theacht do bhealach straitéiseach mar seo.

Dúirt sé go dtug an aimsir shiocáin droch bhail ar Bhealach Chúl an Earagail le tamall, agus go dteastaíonn ciste infheistíochta ón Rialtas lena chóiriú.

NowDoc

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall chun cruinniú a lorg leis an Aire Sláinte Stephen Donnelly le heolas a lorg uaidh faoina bhfuil i ndán do sheirbhís dochtúireachta NowDoc i Co.Dhún na nGall.

Dúirt an Comhairleoir Contae Michael McClafferty, a chur rún ar an ábhar seo os comhair cruinniú Chomhairle Contae Dhún na nGall inné, go bhfuil imní i measc an phobail faoi thuairmíocht go gcuirfí seirbhís NowDoc faoi chúram CareDoc, ag am go bhfuil brú leanúnach ar sheirbhísí in Otharlann Leitir Ceanainn.

Tá ciorruithe móra déanta de réir a chéile sna seirbhísí sláinte i nDún na nGall, agus ní thig glacadh le ciorruithe ar bith ar sheirbhísí NowDoc, a dúirt an Comhairleoir Michael McClafferty.