ÚCRÁIN
Beidh ceardlann speisialta ag Comhairle Contae Dhún na nGall go luath le plé a dhéanamh ar an tionchar atá ag Úcráinigh ar lóistín sa chontae agus ar easpa leapacha in ostáin, agus a thionchar siúd ar chúrsaí turasóireachta sa chontae. Dúirt an Comhairleoir Contae Albert Doherty go bhfuil gnóanna beaga atá ag brath ar thurasóireacht, ag druid, de bharr go bhfuil ostáin ag freastal ar theifigh ón Úcráin. Dúirt an Comhairleoir Micheál Naughton gur cinnte go bhfuil gnóanna turasóireachta sa chontae thíos leis anois, agus níos lú leapacha ar fáil do thurasóirí in ostáin sa chontae. Beidh deis eolas a bhailiú maidir leis an fhadhb seo ag an cheardlann, a dúirt Stiúrthóir Forbairt Eacnamaíochta na Comhairle Contae, Gary Martin. Tá gá le cothromaíocht, maidir leis an fhreastal is fearr gur féidir a dhéanamh ar phobal na hÚcráine agus fosta tacú le gnóanna turasóireachta i nDún na nGall, a dúirt sé.
CAHMS
440 páiste i réigiún an iarthuaiscirt a bhí ag fanacht le cóir leighis faoin tseirbhís meabhairshláinte do pháistí, CAMHS anuraidh, a dúirt Niamh O' Connor, Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirtíochta na heagraíochta Athchóiriú Meabharshláinte, nó Mental Health Reform. Thug sí le fios go bhfuil triúr síciatrach ag obair i seirbhísí CAMHS i nDún na nGall faoi láthair, figiúir atá níos airde ná áiteacha eile sa tír, ach go bhfuil moill fhada go fóill ag daoine óga coinne a fháil. Is ábhar mór imní é an méid a foilsíodh an tseachtain seo i dtuairisc ón Choimisiún Meabhairshláinte, a dúirt Niamh O' Connor agus tá géarghá le cur chuig tras-rialtais le cinntiú go dtiocfaidh feabhas suntasach ar sheirbhisí meabhairshláinte na n-ógánach sa tír seo a dúirt sí. Mhol Niamh O'Connor an cinneadh atá déanta go ndéanfaí Stiúrthóir Cliniciúil a earcú don tseirbhís CAMHS chomh maith le Stiúrthóir Síciatrach d'Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte le cinntiú go dtiocfaidh feabhas ar na seirbhísí riachtanacha seo, a dúirt sí.
BÓITHRE
Deir an Comhairleoir Contae Anthony Molloy go gcaithfear athbhreithniú a dhéanamh ar Scéim na mBóithre Aise nó Scéim LIS ina gcuirtear maoiniú ar fáil do dhaoine le feabhas a chur ar bhóithre nach bhfuil faoi chúram na gcomhairlí contae. Le coinníollacha na scéime a chomhlíonadh, caithfidh dhá fheirmeoir gníomhach a bheith ag úsáid an bhealaigh rud atá ró-dhian, a dúirt an Comhairleoir Molloy. Socraíodh ag cruinniu de Choiste Talmhaíochta na Comhairle Contae uasdhatú a dhéanamh ar na hiarratais ar fad atá ag an Chomhairle Contae agus teagmháil a dhéanamh le na hiarrthóirí nach gcomhlíonann coinníollacha na scéime, socraíodh fosta Scéim LIS a phlé le Stiúrthóir na mBóithre Bryan Cannon. Bhí Dún na nGall ar an chontae inár ceadaíodh an líon is mó airgid faoin scéim anuraidh €1.7 m agus rinneadh obair dheisiúcháin ar 68 bóthar , ach mar sin féin, dúirt an Comhairleoir Molloy go bhfuil níos mó nó 1400 iarratas istigh ar an scéim agus má leanfar mar atá, go mbeidh sé 20 bliain eile sula mbeidh na bóithre uilig cóirithe.