Timpiste
Tá na Gardaí sna Cealla Beaga ag lorg eolais ó phobal maidir le timpiste inar maraíodh bean tráthnóna inné.
Cuireadh fios ar na Gardaí agus ar na seirbhísí éigeandála i dtrátha cheathrú go dtí an sé tráthnóna inné nuair a bhuail veain bean ar phríomhshráid na gCealla Beaga.
Maraíodh an bhean, a bhí ina cuid seascaidí, ar an láthair. Tugadh a corp go hOtharlann Leitir Ceanainn, áit a ndéanfar scrúdú iarbháis.
Tá na Gardaí ag iarraidh ar dhuine ar bith a chonaic an timpiste tráthnóna inné teagmháil a dhéanamh leo.
Tá siad ag iarraidh fosta ar dhuine ar bith a bhfuil físeán ceamara, nó dashcam, acu é a chur ar fáil dóibh.
Tithíocht
Dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh go bhfuil sé scanallach go bhfuil tithe de chuid na Comhairle Contae a ligint ar cíos ar shuíomh idirlíon AirBnB agus géarchéim tithíochta sa chontae.
Dúirt sé gur tugadh na tithe seo do thionóntaí faoi choinníollacha agus téarmaí a bhí leagtha síos ag an Chomhairle Contae leis an tionontaí agus nach raibh sé ceart nó cóir na tithe seo a ligint ar cíos le brabús a dhéanamh orthu.
Thug Michael Rowsome, Bainisteoir Cheantar Bardais na nGleanntach le fios ag cruinniú den Choiste inné go bhfuil 5 theach faighte ag an Chomhairle Contae ó thionóntaí nach raibh ina gcónaí sna tithe agus dúirt sé go bhfuil comhráití ar siul faoi láthair le 3 theach eile a fháil ar lámh.
Bád
D'aontaigh Comhairleoirí Condae i gceantar bardais na nGleanntach teagmháil a dhéanamh le hAire Stáit na Gaeltachta Patrick O'Donovan leis an bhád a gealladh d'Oileán Thoraí agus an balla cosanta ag Céidh Mhachaire Rabhartaigh a phlé.
Dúirt an Comhairleoir Contae Mícheal Cholm Mac Giolla Easpaig gur gealladh an bád agus an balla cosanta 5 bliana ó shin ach go dtí seo nach bhfuil ceachtar den dá rud curtha ar fáil. T
á an Comhairleoir ag iarraidh go mbeadh an cruinniú ar siúl chomh luath agus is féidir agus tá sé ag iarraidh fáil amach cén fath gur gealladh a leithéid agus nach bhfuil dul chun cinn ar bith déanta.