Bóithre

Táthar ag impí ar thiománaithe a bheith cúramach ar bhóithre Dhún na nGall maidin inniu mar go bhfuil siocán agus sneachta ar go leor dona bóithre. Tá foláireamh aimsire stádas oráiste sneachta agus siocán i bhfeidhm sa Chondae go dtí'n 12 meán lae inniu.

Athchúrsáil

Tá fadhbanna suíomh a aimsiú do bhancanna athchúrsála ar an Fhál Carrach agus níl an tseirbhís seo ar fáil ar an bhaile le breis agus bliain anois, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh.

Dúirt an Comhairleor Condae Anthony Molloy go raibh cruinniú tairbheach ag Comhairleoirí agus Oifigigh ó Chomhairle Condae Dhún na Gall le hOifigigh ó Bonneagar Iompar Eireann ar an tseachtain s'chuaigh thart.

Feachtas ceannaigh áitiúil

Tá feachtas a reáchtáil ag Comhairle Condae Dhún na nGall le roinnt seachtainí 'Ceannaigh Dún na nGall' agus mairfidh an fheachtas go dtí'n 24ú den mhí ach an tseachtain seo tá an feachtas dírithe ar earraí agus seirbhísí Gaeltachta a cheannacht.

Fuinneamh Inmharthana

Beidh ócáid ag Pobal Fuinnimh Inmharthana Dhún na nGall tráthnóna inniu in Arás Sheáin Bháin i mBaile na Finne le heolas a thabhairt don phobal ar dhóigheanna le smacht a choinneáil ar chostais fuinnimh agus comhairle do Theaghlaigh ar dhóigheanna lena gcuid billí fuinnimh a laghdú.

Soláthar uisce

Tá sé curtha in iúl ag Uisce Éireann go gcuirfear isteach ar an soláthar uisce i Rann na Feirste, Loch na nDeorán agus na ceantracha máguaird inniu idir an 9:30 ar maidin agus an 3 a chlog tráthnóna.