Brící lochtacha

D'iarr an Teachta Dála Thomas Pringle ar an Aire Tithíochta Darragh O'Brien sa Dáil inné maoiniú a chur ar fáil ar bhonn práinne dona teaghlaigh is measa a bhfuil a dtithe i ndroch dhóigh de bharr brící lochtacha.

Ní thig le cuid dena teaghlaigh atá sna tithe is measa ina bhfuil brící lochtacha fanacht go mbeidh maoiniú ar fáil daofa faoin scéim chúitimh, a dúirt sé leis an Aire O'Brien sa Dáil inné.

Dúirt sé gur cheart do Chomhairle Contae Dhún na nGall a bheith ag cur síomhanna ar fáil ar bhonn práinne le go mbeidh lóistín ar fáil go sealadach dona teaghlaigh a bhfuil a dtithe ag titim as a chéile faoi láthair.

Ba cheart don Rialtas maoiniú a sholathár ar bhonn práinne le lóistín a chur ar fáil dona teaghlaigh atá ina gcónaí i dtithe atá reidh le titim faoi láthair, a dúirt an Teachta Pringle

Pontún

Is ábhar mór díomá nach bhfuil dul chun cinn ar bith á dhéanamh maidir le pontún a fhorbairt ag céibh an Bhun Bhig, a deir an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh.

Dúirt sé go raibh súil aige go mbeadh pontún curtha ar fáil ag céibh an Bhun Bhig faoin am seo, ach go bhfuil moill a chur ar an togra.

Beidh an pontún 100 méadar ar fhad, in aice leis an chéibh, agus beidh costas de thart ar 100,000 Euro ag baint leis.

Gerard McFadden

Tá níos mó nó leathmhilliún euro cruinnithe ag an fheachtas bailiúcháin airgid Go Fund Me don Chraoslach.

Ba é Gerard McFadden, as an Chraoslach ó dhúchas ach a bhfuil cónaí air san Astráil, a chur an leathanach Gofundme ar bun i ndiaidh na tragóide.

Tráthnóna inné, chuaigh an méid a bhí sa chuntas go 508 míle euro nuair a chuir Cumann Dhún na nGall I Londain 11,500 euro leis.