Mná Tí

Níl sé ceart nó cóir nach bhfuil cead ag Mná Tí atá thar thrí scór go leith bliain d'aois scoláirí Gaeltachta a choinneáil a dúirt Máire Uí Choilm, Oifigeach Caidrimh Phoiblí Choiste Ban Tí Thír Chonaill.

Rinneadh plé ag cruinniú de Comhchoiste na Gaeilge agus na Gaeltachta de chuid an Oireachtais inné an gá atá mná tí úra a mhealladh chun scoláirí Gaeilge a choinneáil.

Ag labhairt dí ag cruinniú an lae inné dúirt Máire Uí Choilm go gcruthaíonn rialacha áirithe atá i bhfeidhm ag Roinn na Gaeltachta constaicí go leor do theaghlaigh ar mian leo scoláirí Gaeilge a choinneáil agus go bhfuil go leor Ban Tí nach bhfuil sásta scoláirí a choinneáil dá bharr.

Dúirt Sally Uí Rabhartaigh, bean tí as Dún Lúiche a bhí i láthair ag cruinniú an lae inné chomh maith ní amháin go gcaithfear mná tí a mhealladh le scoláirí Gaeilge a choinneáil ach go gcaithfidh an Roinn deireadh a chur leis an uasmhéid de dhá scoláire dhéag atá ceadaithe agus íocaíocht a thabhairt do mhná tí a choinníonn níos mó ná dhá scoláire dhéag.

Deontais do CLG

Tá sé fógraithe ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers inniu go bhfuil deontais ceadaithe de CLG Naomh Muire Íochtar na Rosann agus CLG na Rosa le hobair uasghrádaithe a dhéanamh sna clubanna.

Tá deontas de €128,207 ceadaithe do CLG Naomh Muire Íochtar na Rosann le seastán úr a thógáil agus clár scórála úr a chur in airde ar na méillte i Mullach Dearg.

Beidh comórtas náisiúnta peile na Gaeltachta ar siúl ag CLG Naomh Muire ar an bhliain seo chugainn.

Ceadaíodh maoiniú de €36,000 do CLG na Rosa le haghaidh obair riaracháin le club theach agus seomraí feistis a fhorbairt ag an pháirc úr i Leitir Mhic a Bhaird.

Tá fáilte curtha ag an Chomhairleoir Condae áitiúil Noreen Nic Gairbheith roimh fhógra Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt an Teachta Jack Chambers go bhfuil deontais ceadaithe do Chumain CLG Naomh Muire agus na Rosa.

Ghabh sí buíochas leis an Aire Chambers as a thacaíocht d'fhorbairtí áiseanna spóirt sa cheantar agus as ucht a chuairteanna rialta ar Iarthar Dhún na nGall.

Tá obair rí-thábhachtach a dhéanamh ag cumainn spóirt sa Chondae le cinntiú go bhfuil áiseanna d'ard chaighdeán ag an aos óg a dúirt an Comhairleoir Nic Gairbheith.

Bord Údarás na Gaeltachta

Beidh coimhlint do ionadaí Chomhairle Contae Dhún na nGall ar Bhord Údarás na Gaeltachta, ag cruinniú de Chomhairle Contae Dhún na nGall ar an Luan seo chugainn.

Beidh ar a laghad beirt san iomaíocht don phost. Beidh a ainm a chur chun tosaigh ag an ionadaí reatha, An Comhairleoir John Shéamuis Ó Fearraigh ó Shinn Féin.

Agus tá sé dearbhaithe ag an Chomhairleoir Anthony Molloy ó Fhianna Fáil go mbeidh sé san iomaíocht don ról.

Plean Teanga Thoraí

Seolfaidh Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachóir Plean Teanga oileán Thoraí go hoifigiúil inniu.

Tá béim ar chúrsaí oideachais, seirbhísí cúram leanaí, réamhscolaíocht, seirbhísí don aos óg, cúrsaí gnó agus turasóireachta, caitheamh aimsire agus seirbhísí pobail san phlean.

Clúdaíonn an plean achan ghné de shaol an oileáin, a dúirt Oifigeach Pleanála Teanga Thoraí, Seanán Mac Aoidh. Dúirt sé go bhfuil súil aige go mbeidh dea thionchar ag an phlean seo ar chúrsaí teanga ar an oileán.

Siopa úr

Osclóidh siopa úr chomhlacht JYSK as an Danmhairg i Leitir Ceanainn ar maidin inniu ag a 10.00

Tá an siopa úr i Leitir Ceanainn ar an tríú siopa úr dá gcuid sa tír le sé seachtainí.

Díolann JYSK earraí tí, ar nós leapacha, troscáin, agus earraí don gháirdín.