Toscaireacht

Tá sé chomhlacht as an iarthuaisceart ar thuras trádála go Stáit Aontaithe Mheiriceá an deireadh seachtaine seo, agus beidh siad i láthair ag comhdháil Golden Bridges i mBoston tráthnóna inniu.

Tá an turas trádála seo dírithe ar Boston agus Philadelphia.

Dhá chomhlacht as Dún na nGall atá ar an thuras trádála seo, comhlacht éide spóirt O'Reilly Sports as Bealach Féich agus comhlacht deochanna McDaid Beverages as Rath Mealtáin.

Tá Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Comhairleoir Liam Blaney ina measc siúd atá ar an toscaireacht.

Gradam Ceoil

D'éirigh leis an cheoltóir as Glaisechú, Gaoth Dobhair Cathal Ó Cuireáin gradam a bhaint amach ag Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Raidió a haon a bhí ar siúl aréir.

Bhain Cathal O Cuireáin an Gradam don Cheoltóir úr is fearr ag ócáid bhronnta na hoíche aréir a bhí ar siúl i Sráid an Bhiocáire i mBaile Átha Cliath.

D'éirigh leis an ghrúpa ceoil Ye Vagabonds de bhunadh Árainn Mhór an Gradam don Albam Ceol Tíre is fearr dar teideal 'Nine Waves' a bhaint ag ócáid na hoíche aréir chomh maith.

Moill ar uimhreacha PPS

Deir an Teachta Dála Thomas Pringle go bhfuil an mhoill atá ar an Rialtas uimhreacha PPS a cheadú do theifigh ag cur bac ar theifigh úsáid a bhaint as seirbhísí atá riachtanach daofa.

Ag labhairt sa Dáil , thug sé Thomas Priingle le fios don Aire Roderic O' Gorman go bhfuil teifigh as an Úcráin atá ag cur fúthu i mBealach Féith agus Carn Domhnach nach bhfuil ábalta seirbhísí dochtúra a fhál mar nach bhfuil uimhreacha PPS acu

Dúirt sé go bhfuil ar theifigh úsáid a bhaint as seirbhísí Otharlainne agus Otharcharranna mar nach bhfuil dochtúir ar fail daofa, rud atá scanallach a dúirt sé.

Sluaite sna Dúnaibh.

Beidh na sluaite ag tarraingt ar na Dúnaibh an deireadh seachtaine seo do Chraobh Lúthchleasaíochta Tras Tíre na hÉireann a bheas ar siúl ansin ar an Domhnach.

Beidh 2,500 iomaitheoir páirteach sna rásaí, idir aos óg agus daoine fásta, agus beidh na rásaí mar bhabhtaí cáilithe do Chraobh Lúthchleasaíochta na hEorpa.

Aon uair amháin a reachtáladh an comórtas seo i nDún na nGall go dtí seo, nuair a bhí sé a reachtáil ag Cumann Lúthchleasaíochta Ghleann na Finne sa bhliain 1999.

Seo an chéad uair riamh an comórtas a bheith ar siúl sa Ghaeltacht.

Dúirt an Teachta Dála Joe McHugh gur ócáid mhór atá anseo don cheantar, agus go bhfuil éileamh mór ar lóistín ar fud an cheantair don deireadh seachtaine.

Seáim Tithíóchta

Is ábhar mór díoma go bhfuil moill fhada dul chun cinn a dhéanamh ar scéim úr tithíochta ina mbeidh 45 teach ar an Chlochán Liath, a dúirt an Comhairleoir Contae Nóirín Nic Gairbheith.

Fógraíódh mí Meán Fómhair 2020 go mbeadh na tithe seo a dtógáil ar an Chlochán Liath, ach is beag dul chun cinn a rinneadh ar an togra go dtí seo, a dúirt sí.

Tugadh le fios dí go bhfuil súil ag an Chomhairle Contae tairiscintí a lorg ó chonraitheoirí tógála go luath sa bhliain úr.