Comdháil míoca

Dúirt an Feachtasóir Debbie Mc Coy as Connecticut Mheiriceá aréir, le linn daoithe a bheith i láthair ag an Chomhdháil Idirnáisiúnta atá ar siúl i Leitir Ceanainn, comhdháil atá dírithe ar thionchar brící lochtacha ar an sochaí, go bhféadfaí an scannal maidir leis na bricí lochtacha a sheachaint, dá ndéanfaí tástálacha ar chairéil.

Dúirt sí dá ndéanfaí tástálacha ar chairéil agus ar na hábhair a bhí á dtáirgeadh acu go dtiocfaidh an scannal ar fad a sheachaint

Dúirt Debbie Mc Coy go bhfuil tástálacha a ndeanamh ar chairéil in Connecticut agus dúirt si go bhfuil tá sé riachtanach go dtarlódh a leithéid sa tír seolena chinntiú nach mbeidh géarchéim eile ann sna blianta amach romhainn.

Costais

Dúirt Múinteoir Meánscoile ag an Chomhdháil aréir nach bhfuil daltaí ag glacadh le aiteacha i gColáisti 3ú leibhéil mar go bhfuil imní orthu faoi chostais.

Duirt Angeline Ruddy , múinteoir i gColaiste Pobail Bhun a Phobail agus úinéir ti le Mica go bhfuil ceathru cuid dena daltaí atá ag freastal ar an scoil ina gcónaí I dtithe ina bhfuil Mica agus go bhfuil siad go mór faoi bhrú agus deacreachtai meabharshláinte ag cuid mhaith dena daltaí seo.

Duirt si nach bhfuil na háiseanna ag an scoil le tacaíocht a thabhairt dona daltaí.

Údarás na Gaeltachta

Dhéanfaidh Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachóir an togra ealaíon poiblí, Stucaí an Screabáin, a sheoladh go hoifigiúil ag Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair ar maidin inniu ag a 11.00

Rinneadh coimisniú ar an phíosa ealaíona seo tríd Scéim Céadchodán den Ealaíon, I ndiaidh do Údarás na Gaeltachta, Comhairle Contae Dhún na nGall agus Ealaín na Gaeltachta, iarratais a lorg do thogra ealaíona a bheadh bainteach le hoidhreacht oibre na háite.

Ba é an t-ealaíontóir clúiteach Locky Morris a chruthaigh an píosa ealaíon atá suite in aice le gteic Ghaoth Dobhair.