Bóithre ar oileáin

Beidh €2.15m caite ar bhóithre ar oileáin Ghaeltachta Dhún na nGall roimh dheireadh na bliana seo, a dúradh ag cruinniú Choiste Oileáin Chomhairle Contae Dhún na nGall inné.

Shocair an Chomhairle anuraidh seilbh a ghlacadh ar bhóithre nach bóithre contae iad ar na hoileáin, le go mbeadh comh mhaoiniú le fáil ó Roinn na Gaeltachta chun na bóithre a chóiriú.

Tograí eile

Caithfear clár oibre a chur le chéile dena tograí ar fad atá le cur i gcrích ar oileáin Dhún na nGall, a dúirt an Comhairleoir Contae Marie Therese Ní Ghallachóir.

Dúirt sí ag cruinniú an lae inné de Choiste na n-oileán nach dtig fanacht go dtí'n chéad chruinniú eile den choiste lena seo a dhéanamh, agus gur cheart liosta a aontú go luath, agus maoiniú a lorg do na tograí sin.

Gabhla

Tá obair ar bun chun píopa uisce oileán Ghabhla a dhaingniú ag bun na farraige an tseachtain seo.

Tá fadhbanna leanúnacha leis an phíopa seo le roinnt blianta de bharr go bhfuil an píopa ag éirí go barr na farraige.

Tá meáchain a gcur ar an phíopa ag bun na farraige an tseachtain seo agus slabhraí iarainn a gcur ar an phíopa chun an píopa a dhaingniú ag bun na farraige.

Tithiocht shóisialta

Caithfear dlús mór a chur ar bhonn práinne le clár tógála do thithíocht shoisiálta i gceantar bardais na nGleanntach, a deir an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh.

Tá an liosta feithimh tithíochta ag dul i méid do réir a chéile, agus gan go leor tithe a dtógáil, agus tá géar ghá le tabhairt faoi chlár tógála láithreach bonn, a dúirt sé.

Seirbhísí dóiteáin

Dúirt an Comhairleoir Contae Michael McClafferty ag cruinniú Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach inné go bhfuil moladh mór tuillte ag seirbhísí dóiteáin na Comhairle Contae, maidir leis an obair a rinne an tseirbhís ag tragóid an Chraoslaigh.

Thug sé moladh do Fheidhmeannaigh agus do Stiúrthóirí na Comhairle Contae a rinne obair mhór le linn na tragóide chun achan iarracht a dhéanamh tarrtháil a thabhairt ar dhaoine sa smionagar.