Tragóid an Chraoslaigh

Seachtain dheacair eile ar an Chraoslach an tseachtain seo agus Aifrinn chuimhneacháin míosa na ndaoine a maraíodh i dtragóid an Chraoslaigh ar an 7ú Deireadh Fómhair.

Maraíodh 10 sa tragóid a tharla in Ionad Applegreen.

Dúirt Sagart an Chraoslaigh an tAthair, John Joe Duffy go bhfuil an pobal go fóill ag fulaingt agus ag streachailt agus go bhfuil spás agus am a dhith ar theaghlaigh a chaill ball clainne.

Fianna Fáil ag réiteach don chéad olltoghchán eile

'Tá sé mar aidhm ag páirtí Fhianna Fáil i nDún na nGall beirt Theachtaí Dála a bheith tofa i nDáilcheantar Dhún na nGall san chéad olltoghchán eile', a deir cathaoirleach an pháirtí sa chontae Máire Ní Chochlainn.

Measann sí go mbeidh níos mó tacaíochta ag Fianna Fáil san olltoghchán ná mar atá á léiriú sna pobalbhreitheanna.

'Tá níos mó suime á léiriú ag gnáth bhaill Fhianna Fáil sa pháirtí' a dúirt sí, 'agus iad níos gníomhaí ná mar a bhí le tamall'.

'Beidh obair ar bun go luath ag an pháirtí chun coinbhinsiúin a eagrú chun iarrthóirí a roghnú do na toghcháin áitiúla agus don Olltoghchán', a dúirt Máire Ní Chochlainn.

Na carranna leictreacha

Léirítear i suirbhé a rinne Tionól Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair gur beag seans go gceannóidh 75% den phobal carr leictreacha ó seo go ceann bliana.

Clúdaíonn an tionól 8 gcondae sa réigiún , Dún na nGall ina measc,

488 pointe luchtaithe leictreacha atá sna condaetha seo,an líon is lú den réir achair sa tír.

Carranna patróil do ghardaí

Tá 82 feithiceal ar fáil faoi láthair do ghardaí in Aonad Gardaí Dhún na nGall.

Thug an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee le fios don Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh go bhfuil 57 carr patróil ag Gardaí i nDún na nGall faoi láthair.

Lena chois sin tá trí cinn déag de veaineanna ar fáil do na gardaí sa chontae, ceithre ghluaisrothar, seacht gcinn de jípeanna agus feithicil amháin eile.

Iarrachtaí i dtreo iarnróid

Tá feachtas ar siúl ag Grúpa ina dtugtar " I dtreo an Iarthair" le hiarrachtaí iarnród a chur ar fail san Iar Thuaisceart.

Ta sraith cruinnithe á n-eagrí san Iarthuaisceart, an chéad chruinniú anocht I nDoire agus cruinniú eile amárach I Leitir Ceanainn in Óstán 'Station House'.

Iarrtar ar dhuine ar bith a bhfuil suim acu ina leithéid freastal ar na cruinnithe.

Ta sé ráite ag an lucht eagraithe go bhfuil se thar am na línte traenach a druideadh sa chondae níos mó ná leathchéad bliain o shin, a athoscailt.