Fáilte roimh mhaoiniú le dul i ngleic le glúineach bhiorach

Tá fáilte curtha ag an gcomhairleoir Breandán Mac Gearailt ón Daingean roimh fhógra maoinithe ina bhfuil breis is 26 míle Euro luaite le bainistiú agus cóireáil an ghlúineach bhioraigh i gCorca Dhuibhne.

Míshástacht faoin mbuiséad

I bhfógra atá eisithe ag an Teachta Dála Pa Daly deir sé nach buiséad maith é buiséad 2023 do Chiarraí.

Is iad na rudaí a bhí ag déanamh buairt i gContae Chiarraí ná cúram sláinte, tithíocht agus bonneagar tuaithe agus deir an Dálach nach bhfuil an Rialtas tar éis aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna seo in aon chor.