An Bhratach ar Leathchrann

Is mór an náire An Taoiseach, Micheál Ó Máirtín, a deir gur Poblachtánach é, treoir a thabhairt do Chomhairlí Contae brat na hÉireann a chur ar leathchrann inniu i gcuimhne ar Bhanríon Éilis Shasana, a deir Comhairleoir Contae de chuid Shinn Féin i nDún na nGall, Michael McMahon.

Dúirt sé go léiríonn treoir an Taoisigh nach bhfuil sé i dtiúin le pobal na hÉireann, agus léiríonn sé seo easpa ceannaireachta agus dearcadh láidir crích deighilteach an Taoisigh, a dúirt an Comhairleoir McMahon.

Dúirt Michael McMahon go bhfuil sé ceart agus cóir ómós agus meas a léiriú don Bhanríon Éilis, ach caithfear a chuimhniú ar "an scrios agus an marú a rinne Airm na Breataine sna Sé Contae". Dá bhrí sin, a dúirt sé, níor cheart treoir a thabhairt brat na hÉireann a chur ar leath chrann inniu.

Ní raibh treoir ar bith roimhe agus ceannairí móra de chuid na hÉireann ar nós Martin McGuinness, a rinne sárobair ar son an phróiseas síochána, le cur i gcré na cille, brat a chur ar leath chrann daofasan, a dúirt sé.

Cruinniú Talmhaíochta

Beidh cruinniú ar siúl inniu ag an aire Talmhaíochta Charlie Mc Conalogue agus baill tofa pháirtí Fhianna Fáil le Comhairle Contae Dhún na nGall.

Dúirt an tAire Mc Conalogue go bhfuil cruinniú an lae inniu tábhachtach le plé a dhéanamh ar chúrsaí míoca agus an obair atá ar siúl faoi láthair le tithe sóisialta a chur ar fáil i gcontae Dhún na nGall.

Cluiche Ceannais Idirmheánach

D'éirigh le Naomh Columba Ghleann Cholm Cille a n-áit a bhaint amach sa chluiche ceannais idirmheánach i ndiaidh a mbua tráthnóna inné ar Ghaeil Fhánada.

Fágann sin go mbeidh siad in éadan An Chlocháin Léith i gceann coicíse sa chluiche ceannais.

I ndiaidh an chluiche sin aréir i bpáirc Mhic Chumhaill a rinneadh an tarraingt do na babhtaí leathcheannais sa chraobh sinsir.

Tarrangaíodh Gaoth Dobhair in éadan Naomh Conaill agus tarrangaíodh buaiteoirí na craoibhe anuraidh, Naomh Adhmhnáin in éadan Chill Chartha.

Imreofar na cluichí sin an deireadh seachtaine atá amach romhainn ach níl am nó ionaid curtha ar fáil go hoifigiúl go fóill.