Príomhscéalta an Tuaiscirt AM 140922

Fear ar iarraidh i gCeantar Bhun Cranncha

Tá na Gardaí ag lorg cuidigh ón phobal maidir le fear óg ó cheantar Bhun Cranncha atá ar iarraidh.

Chonacthas Bernard McConway, sé bliana is fiche d'aois tráthóna Dé Máirt i gceantar Bhun Cranncha.

Tá sé 5 throigh agus deich n-urlach ar airde le gruaig eadrom dhonn agus súile gorma.

Iarrtar ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu teagmháiil a dhéanamh le stáisiúin Gardaí Bhun Cranncha.

Feirmeacha Gaoithe

Níl go leor ama a thabhairt don phobal moltaí nó aighneachtaí a dhéanamh maidir leis na leasaithe atá molta ag Comhairle Contae Dhún na nGall a bhaineann le feirmeacha gaoithe, dar le Seosamh Ó Braonáin, ball de Choiste Timpeallachta an Ghrafaigh.

Cuireadh tús leis an phróiseas comhairliúcháin Dé hAoine seo caite agus tá go dtí seachtain ón Deardaoin ag an phobal moltaí nó aighneachtaí a dhéanamh.

Dúirt Seosamh Ó Braonáin go bhfuil leasaithe maithe déanta le cosaint a thabhairt do cheantair ard áilleachta, do Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus ceantar Ghaoth Bearra agus d'aibhneacha ina bhfuil an sliogán péarla.

Ach, deir sé go bhfuil sé iontach imníoch nach nglacfaidh an Roinn leis na leasaithe seo agus nach mbeidh cosaint feasta ag na ceantair sin maidir le tógáil tuilleadh feirmeacha gaoithe.

Forbairt Tuirbíní Gaoithe

Tá cruinniú a lorg an Comhairleoirí Contae Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach leis an Aire Stáit Rialtas Áitiúil agus Pleanála, Peter Burke faoin imní atá orthu go ndiútltóidh sé glacadh le leasaithe Chomhairle Contae Dhún na nGall faoi fhorbairt tuirbíní gaoithe.

Dúirt an Comhairleoir Marie Therese Ní Ghallachóir nach bhfuil glacadh ag an Aire leis na leasaithe atá a mholadh ag an Chomhairle agus go gcaillódh sé sin go mbeadh cead tuirbíní a thógáil áit ar bith sa chontae feasta.

Mhol an Comhairleoir Contae Michael McClafferty go ndéanfadh Comhairleoirí Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach aighneacht mar choiste ag iarraidh go mbeadh cosaint iomlán ag ceantair ard áilleachta sa chontae ó fhorbairt tuirbíní gaoithe.

Oileán Thoraigh - Seirbhís Farrantóireachta Gasta


Tá conradh faighte ag Willie Ó Dubhgáin as oileán Thoraigh le seirbhís farrantóireachta gasta a chur ar fáil idir Machaire Rabhartaigh agus Oileán Thoraigh.

Cuireadh tús leis an chonradh maidin Dé Luain agus mairfidh an conradh seo ar feadh bliana.

Fágfaidh an bád farrantóireachta gasta Toraigh maidin Dé Luain, Dé Máirt, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ag a 8.00 agus Dé Céadaoine, Déardaoin agus Dé hAoine ag a 9.00, agus beidh an bád ag fágáil Machaire Rabhartaigh achan tráthnóna ag a 7.00 Dúirt Bainisteoir Chomharchumann Oileán Thoraigh, Marjorie Uí Chearrbhaill, go bhfuil an tseirbhís seo iontach tábhachtach do phobal an oileáin, go háirithe os rud é go mbeidh seirbhís luath ar maidin agus mall tráthnóna.

Údaras na Gaeltachta

Tá a lorg fágtha ag Micheál Ó hÉanaigh ar fud Ghaeltacht Thír Chonaill agus is cailliúint ollmhór do Ghaeltacht Thír Chonaill go bhfuil sé imithe ar scoir mar phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta a dúirt an Comhairleoir Contae Marie Therese Ní Ghallachóir.

Dúirt sí ag cruinniú Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach inné go raibh sé fad radharcach ina ról, agus go bhfuil Gaeltacht Thír Chonaill i bhfad níos fearr as anois, go háirithe na gteiceanna atá ar fud na Gaeltachta.

Dúirt sí nach mbeadh tograí turasóireachta mar togra Shliabh Liag, Teach Solais Fhánada nó togra na hEaragla tarlaithe, ach go beith go raibh sé chomh ceannródaíoch agus é mar Stiúthóir i gComhairle Contae Dhún na nGall.

Mhol an Comhaireloir John Shéamuis Ó Fearraigh teachtaireacht buíochais a chur chuig Micheál Ó hÉanaigh as an chomhoibriú a thug sé don Chomhairle le linn dó a bheith mar phríomhfheidhmeannach ar an Údarás.

Fadhbanna a bhaineann le hIonad Uisce Leitir Mhic a Bhaird le socrú
Tá sé ráite ag Uisce Éireann inniu go bhfuil siad ag obair leis na fadhbanna a bhaineann le hIonad Uisce Leitir Mhic a Bhaird a shocrú chomh luath agus is féidir.

Tá Uisce Éireann ag cur i gcuimhne do dhaoine sa cheantar an t-uisce a bhruith sula n-olann siad é.

2,200 custaiméir i gceist, i gceantar Leitir Mhic a Bhaird, Port Nua, Ros Beag, Claon Ghort, An Dubhchorraigh , Min a Croise , Dubhthaigh agus Bóthar na nGleanntach chomh maith leis an Mhachaire agus An Fál Mór.

Deir Uisce Éireann go bhfuil deacrachtaí go fóill le hIonad Uisce Leitir Mhic a Bhaird agus go bhfuil achan chosúlacht go mairfidh na deacaireachtaí le linn mhí Mheán Fómhair.