Tithíocht

'Sé atá sa phlean atá ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, chun trí thigh nua a thógaint ar an mBuailtín, ná iarracht chun dul i ngleic le dhá easnamh ar leith atá sa dúthaigh, sin iad: an easpa tithíochta, agus an easpa lóistín do scoláirí na gColáistí Gaelainne. Sin a deir Bainisteoir an Chomhchumainn, Páidí Ó Sé, in agallamh do Adhmhaidin inniu.

Úcránaigh

Go dtí seo, tá os cionn 750 teifeach Úcránach tar éis seal a chaitheamh san hionaid scíthe i nDún Garbhán agus i gcathair Phort Láirge agus tá na hionaid fagtha ag 530 díobh san. Cuireadh na figiúirí sin in iúil de chomhairleoirí ag cruinniú míosúil na comhairle an tseachtain seo caite.

Crann Cumarsáide

Níor deineadh aon athchomharc ar chinneadh Chomhairle Contae Chiarraí, cead pleanála a thabhairt d'Eir chun crann cumarsáide méadar is fiche a thógaint in ionad an chinn atá acu cheana, ar an gCarraig i bparóiste na Cille.

Bhí feachtas ar bun sa cheantar áitiúil i gcoinne na forbartha, agus síniúchán bailithe agus seolta go dtí an gcomhairle contae fé, ach is cosúil go bhfuil an cath géillte anois ag lucht an fheachtais. Bhí go Céadaoin na seachtaine seo ag páirtithe athchomharc a dhéanamh i gcoinne na forbartha.

Feirm Ghaoithe

Tá ag éirí go maith leis an ullmhúchán don Athbhreithniú Breithiúnach atá ar bun ag Coiste Forbartha Bhéal Átha an Ghaorthaigh san Ardchúirt, maidir leis an gcead atá tugtha ag an mBord Pleanála do fheirm ghaoithe i ngiorracht chúpla ciliméadar do Ghúgán Barra. I ráiteas le Nuacht an Deiscirt, dúirt urlabhraí an fheachtais, Neil Ó Luasa, go mbeidh cruinniú acu lena bhfoireann dlí roimh dheireadh na míosa.