Pictiúrlann Phoenix sa Daingean:

Tá sé ráite ag an gceantálaí Anthony Mac Gearailt le Nuacht an Deiscirt go bhfuil fiosrúcháin ag teacht isteach an t-am ar fad don bpictiúrlann Phoenix sa Daingean. Is cosúil go bhfuil an suim á léiriú ann ach nach bhfuil aon ní imithe níos faide ná sin.

Ardú ar na longa chúrsála:

Deir Máistir an Chalafoirt i bPort Láirge, Darren Doyle, go bhfuil líon ard longa chúrsála ag seoladh isteach san inbhear agus ní hamháin sin ach go bhfuil ardú tagtha ar an méid longa atá ag teacht ar cuairt i gcomparáid le blianta eile.