Michael Leonard

Tá sé ráite ag teaghlach Michael Leonard, sibhialtach a maraíodh i gceantar na teorann i mí na Bealtaine 1973 agus é ag déanamh a bhealach na bhaile go Paiteagó go bhfuil fianaise úr tagtha chun cinn a léiríonn gur mharaigh an RUC Michael d'aon turas agus ag é déanamh a bhealach na bhaile agus ní d'thaisme mar a dúírt an RUC ag an am.

Dúirt an RUC ag an am ag coiste cróinéara gur scaoil siad Michael Leonard ar an seachtú lá déag de mhí na Bealtaine 1973 de thaisme ach déir an teaghlach go léiríonn caipéisí rúnda atá tagtha chun cinn a bhaineann leis an RUC agus Arm na Breataine nach amhlaidh an scéal agus go gcreideann siad gur mharaigh an RUC Michael Leonard d'aon turas.

Dúirt an Comhairleoir Contae Mícheál Naughton go bhfuil sé ag impí ar an Aire Gnothaí Eachtracha Simon Coveney agus ar an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee fiosrúchán úr a éileamh maidir le bás Michael Leonard ar bhonn práinne.

Comhshaol

Ba ábhar iontais gur dúradh ag ceardlann ar chúrsaí comhshaoil le gairid, nár tharla mórán creimeadh cósta in iarthar Dhún na nGall ó 1995, a dúirt an Comhairleoir Contae Anthony Molloy.

Dúirt sé gur dearadh damáiste go leor ar thrá na Fearthainne, áit ar scriosadh méilte gainimh le roinnt blianta.

Beidh aird a dhíriú amárach, Lá Idirnáisúnta Méilte Gainimh, ar chaomhnú agus ar chosaint méilte gainimh. Tá staidéar ag leanstan ar aghaidh maidir leis na dóigheanna is fearr chun déileáil le creimeadh cósta ar an Fhearthainn agus Machaire Rabhartaigh.

Leithris inaistrithe


Chuir an Comhairleoir Contae Nóirín Nic Gairbheith fáilte roimh fhógra Chomhairle Contae Dhún na nGall go mbeidh leithris inaistrithe a gcur ar fáil acu an Samhradh seo ag céibh Ailt an Chorráin.

Dúirt sí nach bhfuil leithris phoiblí ag an chéibh faoi láthair, de bharr an obair fhorbartha atá ar siúl ansin le tamall.

Tá géar ghá le leithris ag an chéibh le freastal ar na sluaite a thagann go dtí'n cheantar, gan trácht ar na sluaite a théann ar na báid farrantóireachta go hÁrainn Mhór, a dúirt an Comhairleoir Nic Gairbheith.

Longa turasóireachta

Beidh dhá long turasóireachta ag teacht i dtír sna Cealla Beaga inniu. Tháinig an National Geographic Explorer i dtír ansin ar maidin inniu ag a 8.00 agus tiocfaidh an long turasóireachta an World Navigator i dtír ag meán lae inniu.

Seo an chéad uair an World Navigator sna Cealla Beaga Sé bád seacht stór ar airde an World Navigator atá ar thuras trí oíche dhéag ar chósta na hÉireann agus na Breataine Beidh an World Navigator sna Cealla Beaga go dtí'n 6.00 tráthnóna, agus rachaidh an bád óna Cealla Beaga go Doire.

Bord Oideachais

Tá fáilte curtha ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall roimh fhógra na Roinne Oideachais an tseachtain seo gur féidir conraitheoirí a earcú anois le síniú 5,000 méadar cearnach a chur le Coláiste Pobail Bhun an Phobail.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Bhoird, Anne McHugh go bhfuil siad ag fanacht leis an scéal seo le blianta fada anois, agus gur dea scéal faoi dheireadh go rachfar ar aghaidh le tógáil an síniú breise don scoil. Bhí feachtas fada le blianta chun an síniú breise seo a fháil don scoil, a dúirt sí.