Tithe cónaithe

Rinneadh 1,180 teach cónaithe a cheannacht i nDún na nGall sa bhliain 2019, agus ba I gceantar bardais Leifear agus Shraith an Urláir an ceantar bardais a ba shaoire le teach a cheannacht ann i 2019, do réir tuairisce ón Phríomh-Oifig Staidrimh.

Ba 105,000Euro an meán luach a íocadh ar theach i gceantar Leifear agus Shraith an Urláir. Íocadh ar an mheán 146,000Euro i gceantar Bhaile na nGallóglach, 136,000Euro i gceantar Leitir Ceanainn, agus 130,000Euro i gceantar Bhun Crannacha.

Ba 120,000Euro an meán luach a íocadh ar theach i gceantar bardais Dhún na nGall agus na nGleanntach i 2019, agus 109,000Euro a íocadh i gCarn Domhnach.

Tithe úra

Tháinig ardú 23 fán gcéad ar líon na dtíthe agus na bhfoirgneamh úra atá á dtógáil I gContae Dhún na nGall de réir figúirí ón Roinn Títhíochta.

Léiríonn na figúirí go raibh 229 fógra maidir le títhe úra atá á dtógáil fáighte ag Rannóg Pleanála Chomhairle Contae Dhún na nGall ag deireadh mhí na Bealtaine ó thús na bliana ann, ardú ó 186 an tréimhse chéanna anuraidh.

Easpa spáis


Caithfear a theacht ar réiteach go gasta maidir leis an easpa mór spáis atá i gColáiste Na Maoilruaidhe i mBaile na nGallóglach, a dúradh ag cruinniú de Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall inné.

Thug Stiúrthóir Eagraíochta agus Forbartha an Bhoird, Andy McGovern le fios ag cruinniú an lae inné gur chur an Roinn Oideachais ar ceal na pleananna a bhí ag an Bhord tairiscintí a lorg chun foirgnimh réamh thógtha a chur ar an suíomh.

D'admhaigh sé go raibh fadhb ollmhór le easpa spáis sa scoil, agus dúirt sé go bhfuil achan iarracht ar bun acu an cás a réiteach roimh thús na scoilbhliana i mí Mheán Fómhair.

Dúirt sé go bhfuil fadhb fosta de bharr easpa mór foirgnimh réamhthógtha a bheith ar fáil faoi láthair.

CLG

Dhéanfar na tarraingtí tráthnóna inniu do chraobhacha peile CLG Dhún na nGall 2022 atá urraithe ag Siopa Spórt Michael Murphy. Is in Óstán An Abbey i mBaile Dhún na nGall a bheas an ócáid ar siúl tráthnóna inniu idir 6.30-7.

Beidh clár speisialta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna inniu idir 6.30 agus 7 agus na tarraingtí le cloisteáil beo ar an stáisiún seo. Is iad Naomh Adhamhnáin a bhain craobh shinsir Dhún na nGall anuraidh.