Tráigheanna

Dhéanfar glanadh ar thráigheanna i nDún na nGall inniu mar pháirt d'ócáid idirnáisiúnta chun ceantair cósta agus cladaigh a choinneáil glan agus saor ó bhruscar.

Chláraigh 230 tráigh ar fud na tíre i mbliana le bheith páirteach san fheachtas glantacháin, dhá thráigh dhéag acu sin i nDún na nGall.

Meastar go mbeidh níos mó ná 4,000 oibrí deonach fud fad na tíre ag glacadh páirt sa lá glantachán inniu.

Leathanbhanda

Deir an Comhairleoir Anthony Molloy go bhfuil sé chun iarraidh ar Chomhairle Contae Dhún na nGall go roghnófar Gaeltacht iardheisceart na contae agus na páirteanna de cheantar bardais na nGleanntach a bhfuil fadhbanna le ceangal leathanbhanda, agus tograí píolótach leathanbhanda le déanamh ag Microsoft Airband i bpáirteanna de Dhún na nGall.

Chuir sé fáilte roimh fhógra an Aire Heather Humphreys inné go mbeidh triallacha a ndéanamh ag Microsoft Airband ar sholathár leathanbhanda a chur ar fáil i nDún na nGall.

Ní thig fanacht le go mbeidh seirbhís NBI an Rialtais ar fáil sna ceantair seo, a dúirt an Comhairleoir Molloy, agus dúirt sé go bhfuil súil aige gur féidir tosaíocht a thabhairt dona ceantair i gceanar bardais na nGleantnach agus i nGaeltacht an iar dheiscirt, leis na triallacha de chuid Microsoft Airband.

Pasanna

Tá géarghá le oifig pasanna san iarthuaisceart, a dúirt an Comhairleoir Contae Michael McMahon.

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall chun teagmháil a dhéanam leis an Roinn Gnóthaí Eachtrach, ag eascairt ó rún ón Chomhairleoir McMahon, ag iarraid go mbeadh oifig pas curthar ar bun I nDún na nGall.

Dúirt an Comhairleoir McMahon go bhfuil moill fhada ar dhaoine pas a fháil faoi láthair, le cois go bhfuil éileamh mór anois ó bhunadh na Sé Contae do pas Éireannach ó imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach.

Dúirt an Comhairleoir Liam Doherty gur cheart oifig pasanna a lonnú I nDún na nGall, agus gur cheart é sin a dhéanamh gan móran moille.

Drioglann

Tá sé fógraithe ag comhlacht driogaireachta Shliabh Liag Distillers go mbeidh infheistíocht a lorg acu ó infheistitheoirí, agus súil acu 2 mhilliúin euro a bhailiu le cur lena gcomhlacht tairgíochta di.

Mairfidh an feachtas bailiúcháin airgid 4 seachtainí ón 20ú lá de mhí Mheitheamh agus síntiús a thabhairt ar shuíomh idirlíne Crowdcube.

Ba mhian leis an chomhlacht go mbeadh an drioglann atá acu in Ard a Ratha ag feidhmiú ceithre uaire fiche sa lá agus ardú a chur lena gcuid tairgíocht di ó 440 míle litre go 600 míle litre. Tairgeann an Comhlacht Dúlamán Gin, Assaranca Vodka agus Uisce Beatha Silkie.

Bhain Drioglann Shliabh Liag, lena nUisce Beatha 'Silkie' an príomh dhuais ag Gradaim Domhanda Uisce Beatha 2021.

Féile na Meán Ceilteach

Beidh bronnadh na ngradam Féile na Meán Ceilteach ar siúl in Kemper na Briotáine tráthnóna inniu agus amárach.

Tá dhá ainmniúchán faighte ag foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta anseo sna Doirí Beaga do na gradaim i mbliana.

Tá ainmniúchán fáighte ag an chlár Bladhaire, atá a láithriú ag Áine Ní Bhreisleáin agus a léiriú ag Póilín Nic Geidigh i rannóg na gcláracha irise.

Tá ainmniúchán faighte ag Michelle Nic Grianna, láithreoir an chlár Barrscéalta do ghradam Pearsa Raidió na Bliana.

Tá ainmniúchán fáighte chomh maith ag RTÉ Raidió na Gaeltachta do ghradam 'Stáisiúin Raidió na Bliana'.