Coláistí samhraidh

Dúirt Frank Ó Maoláin ó Choláiste Bhríde Rann na Feirste agus Cathaoirleach Chomchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh cé go dtáinig lághdú ar lion na mban tí choláistí samhraidh nach ionann sin agus a rá go bhfuil suim caillte ag mná tí scoláirí a choinneáil.

Ag labhairt dó ar an chlár Morning Ireland inniu, dúirt sé go gcaithfear an rialtas athbhreithniú a dhéanamh a an mhaoiniú atá á thabhairt do mhná tí na gColáistí Samhraidh agus nach leor an deontas de dhá mhíle euro de mhná tí úra.

Tarrtháil sléibhe

Glaoadh amach ar Chumann Tarrthála Sléibhe Dhún na nGall ag leath I ndiaidh a haon inné le tarrtháil a thabhairt ar bheirt a bhí amuigh ag drepadh ar shlaibh na Mucaise agus a chuaigh ar seachrán.

Tugadh le fios gur tugadh tarrtháil ar an bheirt dhreapadóir agus nár bhain gortaithe ar bith daofa.

Leathanbhanda

Tá sé fógraithe ag an Aire Forbartha, Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys inniu go mbeidh scéim phíolatach leathanbhanda a chur ar bun acu i gContae Dhún na nGall.

Beidh an scéim ag úsáid teicneolaíocht Microsoft Airband le leathanbhanda ardluais a chur ar fáil i gceantracha tuaithe i gContae Dhún na nGall.

Tá an scéim phíolatach á triail cheana féin I gceantracha tuaithe I gContaetha An Chabháin agus Cheatharlach.

Íoclann

Caithfear brú a chur ar Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte uasghrádú a dhéanamh ar íoclann dochtúra Anagaire, le gur féidir íoclanna a chur ar bun ansin arís, a deir an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

Deir sé nach bhfuil glacadh ar bith aige le míniú ó Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte, go bhfuil imní faoi chúsaí Covid-19 agus an foirgneamh a bheith chomh beag, le cois nach féidir seirbhísí áirithe a sholathár ansin de bharr easpa leathanbhanda.

Níl sé maith go leor go bhfuil an Fheidhmeannacht Sláinte ag iarraidh ar bhunadh Anagaire taisteal go hAilt an Chorráin nó go dtí'n Chlochán Liath do sheirbhís dochtúireachta anois.

Sábháilteacht bóthair


Tá sé tábhachtach go mbeidh dearcadh phobal na háite a lorg ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus feabhas le cur ar shábháilteacht bóthair i mBaile na Finne, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh.

Dúirt sé gur tharla roinnt droch thimpistí ar imeall Bhaile na Finne le cúpla bliain, agus d'iarr sé ar inneatóir bóthair na Comhairle Contae teagmháil a dhéanamh le bunadh na háite lena dtuairimí a fháil faoin dóigh is fearr le feabhas a chur ar shábháilteacht bóthair ansin.

Míoca

Dúirt Oifigeach Caidrimh Phoiblí Ghrúpa Gníomhaíochta míoca Michael Doherty nach bhfuil sé dóchasach go mbeidh athrú ollmhór ar scéim chúitimh leasaithe míoca I ndiaidh cainteanna idir úinéirí tí agus oifigigh ón Roinn Tithíochta ar an tseachtain s'chuaigh thart.

Dúirt sé go bhfuil brící lochtacha á bhfáil I gcontaetha in oirthear agus I lár na tire anois agus mbeidh siad ag impí ar theachtaí dála áitiúla beart de riar a mbriathar a dhéanamh agus scéim chúitimh 100 fán gcéad a éileamh ón rialtas.

Dúirt Michael Doherty gur seo an seans deireanach ag an rialtas an scéim a chur ar bun ar dhóigh atá cuí.