Iarnród Éireann

Tá Iarnród Éireann ag cáiseamh a dtraenacha a bheith lán, deireadh seachtaine seo na cincíse, agus roinnt turasanna lán cheana, idir Ciarraí agus Áth Cliath agus Corcaigh agus Áth Cliath. Bhí gach aon ticéad díolta ar na bealaí seo inné, agus tá arís amárach. Níl aon spás ach oiread ar thraenacha atá ag dul chomh fada le háiteanna go mbeidh cluichí móra Chumann Lúthchleas Gael ar bun an deireadh seachtaine seo.

Tuilleadh lóistín ag teastáil

Níl aon dealramh leis go mbeadh teifigh na hÚcráine á n-úsáid mar leithscéal ag lucht óstán, chun praghasanna míréasúnta a lorg ar leapacha. An TD Aindrias Ó Muimhneacháin ó Ghort na Scairte a deir an méid sin in agallamh d'Adhmhaidin inniu, tar éis do éileamh sa Dáil le déanaí go gcinnteodh an stát go mbeadh go leor lóistín ar fáil ar fud na tíre do thurasóirí.

Gardaí Tarrthála

Tá sé tugtha le fios ag Comhairle Contae Chiarraí go mbeidh na gardaí tarrthála ag dul i mbun oibre don gcéad uair i mbliana, deireadh seachtaine seo na saoire bainc, ar na tránna go léir le bratacha gorma sa chontae. Is ag na deireadh seachtainí amháin a mbeidh na gardaí tarrthála ag obair go dtí deireadh mhí an Mheithimh, agus beidh siad ann seacht lá na seachtaine ansan ó mhí Iúil ar aghaidh.