Oileáin

Beidh cruinnithe poiblí ar siúl in Árainn Mhór agus i dToraigh inniu mar pháirt de stáideár atá a dhéanamh ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh ar thionchar na turasóireachta ar na hoileáin.

Tá cuireadh oscailte do phobal na n-oileán freastal ar an chruinniú san Chultúrlann in Árainn Mhór inniu ó 11.30 go 1.30 agus in Ionad Lae Thoraí idir a 7.00 agus a 9.00 tráthnóna.

Tá tacaíocht a thabhairt ag Comhairle Contae Dhún na nGall, Údarás na Gaeltachta agus Fáilte Éireann don staidéar seo.

Scoltacha

Tá sé fograithe inniu ag an Aire Oideachas Norma Foley go mbeidh 203 scoil idir bhunscoltacha agus mheánscoltacha i nDún na nGall ag baint tairbhe as ciste ar fiú €20 milliún é le leabhraí úra a chéannacht.

Tá maoiniú de thara €400,000 a chur ar fáil do 176 bunscoil agus maoiniú de thara €280,000 do sheacht mheán scoil agus fiche sa Chondae atá mar pháirt den Scéim Oideachais saor in aisce.

Leathanbhanda

Deir an tAire Stáit Gaeltachta Jack Chambers go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta le córas leathanbhanda sásúil a chur ar fáil ar fud Chondae Dhun na nGall.

D'admhaigh sé go bhfuil áiteacha sa Chondae nach bhfuil clúdach sásúil go fóill ach dúirt sé gur chur Covid 19 moill ar chúrsaí agus go bhfuil clár leagtha amach anois le Scéim leathanbhanda Náisiúnta a chur ar fáil ar fud na tíre.

Fuinneamh gaoithe

Tá seans go mbeidh polasaí úr ar fhuinneamh gaoithe i nDún na nGall i bhfeidhm i lár Mí Iúil, a dúradh ag cruinniú de Choiste Polasaí Pleanála Chomhairle Contae Dhún na nGall le gairid.

Dúirt an Feidhmeannach Pleanála, Paul Christie, gur seans gur féidir glacadh leis an pholasaí úr ag cruinniú den Chomhairle Contae ar an 18ú lá de Iúil.

Tá próiseas comhairliúcháin phoiblí ar an ábhar tosnaithe ón 29ú Aibreán agus mairfidh sin go dtí'n 3ú Meitheamh.

Barántais ghabhála

Tá thar 600 barántas gabhála eisithe do dhaoine i gcontae Dhún na nGall faoi láthair, do réir eolais atá curtha ar fáil an tseachtain seo.

Tá 652 barántas gabhála reatha do dhaoine sa chontae, agus tá 503 acusan eisithe le breis agus bliain. De réir an eolais a cuireadh ar fáil, tá barántas gabhála amháin eisithe do dhuine I nDún na nGall ón bhliain 1999.