Tásc ná tuairisc ar UFO

Deir Údarás Eitlíochta na hÉireann nach bhfuil aon tátal cinnte ar an bhfiosrúchán atá déanta acu ar na tuairiscí ó phíolótaí go bhfacthas UFO-anna sa spéir amach ó chósta Chiarraí ceithre bliana ó shin.

Tuairiscíonn an Irish Independent inniu go ndúirt triúr píolóta ó aerlínte éagsúla, go bhfacthas soilse geala agus aer-árthaigh anaithniud ag gluaiseacht go hana-thapaidh, i mí na Samhna 2018.

Ganntanas glantóirí

Tá ganntan diamhair glantóirí ar leithinis Chorca Dhuibhne faoi láthair agus tithe lóistín thíos go mór leis an biaiste seo.

Deir Muiris Breathnach, úinéir Thig Lóistín agus Tábhairne AN BÓTHAR, go bhfuil cúigear á lorg aige, agus deir Muintir Bhambaire, go gcaitheann siad féin, roinnt dá ndá sheomra leapan déag a dhúnadh ar uairibh, mar ná fuil an fhoireann acu, na seomraí san a ghlanadh.

Leithris phoiblí Fhinn Trá

Tá rún ar chlár chruinniú Cheantar Bardasach Chorca Dhuibhne, Oileán Ciarraí ag an gComhairleoir Séamus Cosaí Mac Gearailt inniu, ag iarraidh a fháil amach ón gComhairle cathain a bheidh leithris phoiblí ar fáil le hais Thráigh Fionn Trá, mar go bhfuil sé riachtanach go mbeidís ar fáil don Samhradh, a deir sé. Scuab Stoirm na leithris chun siúil níos luaithe i mbliana agus nílid deisithe ó shin.

Uasghrádú córais séarachais sa Rinn

Tá sé tugtha le fios ag Uisce Éireann don gcomhairleoir contae Conor D McGuinness ó Shinn Féin go mbeidh iarratas pleanála curtha isteach acu roimh dheireadh an tsamhraidh chun uasghrádú a dhéanamh ar na stáisiúin phumpála agus na gréasáin séarachais i mBaile na nGall sa Rinn.

Ag labhairt le Nuacht an Deiscirt, dúirt an Comhairleoir McGuinness go bhfuil Uisce Éireann ag caint le daoine sa cheantar agus leis an gcomhairle agus go bhfuil imscrúdú déanta acu ar shuíomhanna chomh maith le bheith ag dul ar aghaidh le suirbhéanna eiceolaíochta.

Féile BRÓD na nDéise

Eagrófar an chéad Fhéile Bhród Aerach i nDún Garbhan ar an ochtú lá déag de mhí an Mheithimh i mbliana agus is i bPáirc Walton a thionólfar é.