Feabhsúcháin bóthair

D'aontaigh Comhairleoirí Contae Cheantar Bardais na nGleanntach ag ceardlann a bhí acu inné na bóithre sa cheantar a mbeidh infheistíocht a dhéanamh iontu faoi scéim feabhsúcháin bóthair LIS I mbliana.

Beidh €41,600 á chaitheamh ar thrí bhealach i gCloich Cheann Fhaola, €46,600 ar dhá bhealach i nGaoth Dobhair, €55,275 ar dhá bhealach sna Gleanntaí agus €43,000 ar dhá bhealach sna Rosa.

Socraíodh inné fosta ar mhaoiniú do thrí bhealach sa cheantar bardais faoin Scéim Rannpháirtíochta Pobail.

Tithíocht shóisialta

Caithfear díriú go mór ar thithíocht shóisialta i gceantar bardais na nGleanntach a dúirt Cathaoirleach nua thofa an Cheantar Bardais, An Comhairleoir Anthony Molloy.

Thréaslaigh sé leis an obair mhaith a rinne an Cathaoirleach deireanach, An Comhairleoir Marie Therese Ní Ghallachóir ag cruinniú cinn bliana an choiste ar an Chlochán Liath inné.

Dúirt sé fosta go gcaithfear bogadh ar aghaidh níos gaiste le tograí atá idir lámha ag an Chomhairle sa cheantar bardais.

Leathanbhanda


Tá cruinniú a lorg ag Comhairleoirí Conate Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach le Eir agus Vodafone faoina fadhbanna atá le clúdach fón póca, leathanbhanda agus córas leathanbhanda 4G in iarthar na contae le tamall.

Rinne an Comhairleoir Marie Therese Ní Ghallachóir gearán láidir ag cruinniú den choiste inné faoi droch sheirbís fón póca agus leathanbhanda ar fud iarthar na contae le tamall.

Máithreachas


Níl go leor tacaíochta ar fáil do mhná san iar thuaisceart le leanbh a bheith acu sa bhaile seachas in Aonad Máithreachais in Otharlann, a dúirt an Teachta Dála Holly Cairns.

Dúirt sí nár saolaíodh ach ceithre leanbh sa bhaile i réigiún sláinte CHO1, a chlúdaíonn, Dún na nGall, An Cabhán, Muineachán, Sligeach agus Liatroim idir 2015 agus Aibreán na bliana seo.

Plean Forbartha

Beidh seisiúin chomhairliúcháin phoiblí a reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall le heolas a thabhairt don phobal faoi Phlean Forbartha na Contae 2024-2030 in áiteacha éagsúla sa chontae sna seachtainí amach romhainn.

Beidh seisiún ar siúl inniu in Oifigí Seirbhísí Poiblí Bhaile Dhún na nGall idir a 3 agus a hocht a chlog agus amárach in Oifigí Seirbhísí Poiblí an Chlocháin Léith idir na huaireanta céanna.