Fine Gael

Caithfear deireadh a chur leis na haighnis inmheánacha i bpáirtí Fhine Gael i nDún na nGall, le gur féidir leis an pháirtí dul chun cinn a dhéanamh sa chontae, a dúirt Cathaoirleach Bhrainse Dhoirí Beaga Fhine Gael, Johnny Ó Colla.

Dúirt sé gur buille trom do Fhine Gael sa chontae nach mbeidh an Teachta Dála Joe McHugh ag dul chun tosaigh mar iarrthóir arís, agus dúirt sé nach dtug baill an pháirtí an tacaíocht cheart dó mar Theachta Dála.

Dúirt sé go bhfuil an páirtí i ndroch riocht sa chontae óna toghcháin áitiúil i 2019, ach go gcaithfear tús a chur le próiseas anois chun ullmhú dona chéad toghcháin eile.

Toraigh

Beidh cruinnithe ag oifigigh ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail in Ionad Lae Oileán Thoraí inniu agus amárach.

Beidh cruinniú poiblí tráthnóna inniu ar 7.30 le plé a dhéanamh ar pholasaí úr dona h-oileáin agus beidh deis ag an phobal eolas a fháil agus a dtuairimi a thabhairt ar an pholasai ina measc seirbhísí iompair, sé sin seirbhísí lastais, farantóireachta agus héileacaptar.

Amárach beidh cruinnithe príobhaideacha ag Oifigigh na Roinne le muintir an Oileáin san Ionad Lae idir 10 agus 1 a chlog.

Plean Forbartha

Beidh séisiúin chomhairliúcháin phoiblí a réachtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall le heolas a thabhairt don phobal faoi Phlean Forbartha na Contae 2024-2030 in áiteacha éagsula sa chontae sna seachtainí amach romhainn.

Ina measc, beidh seisiún ar siúl inniu in Ostán Jackson I mBealach Féich idir a 3 agus a hocht a chlog. Beidh seisiúin ar siúl in Ionad Seirbise Poiblí Bhaile na nGallóglach ar an 9ú lá de mhí na Bealtaine.

Beidh seisiúin ar siúl in Ionad Seirbhise Poiblí An Chlocháin Léith ar an dara lá déag de mhí na Bealtaine idir a 3 agus a 8. Beidh seisiúin ar siúl in Óstán na Cúirte Dé Luain an 16ú lá déag idir na hamannta céanna..

Issac Butt

Tá dealbh de Issac Butt curtha in airde i Sraith an Urlair ag Cumann Staire Bhealach Féich/Shraith an Urlair. Bhunaigh Issac Butt páirtí Home Rule agus bhí sé ina bhall de Phairlimint na Breataine.

Tá an dealbh curtha in airde I reilig Eaglais na hÉireann i Sraith an Urlair.

Sé'n An tUachtarán Nuacheaptha ar Chumann Staire Dhún na nGall, An tOirmhinneach Raymond Blair a bhí mar aoi speisialta ag an ócáid.