Fáiltíonn Dr teaghlaigh roimh 4ú dáileog

Deir an Dr. teaghlaigh Peadar Ó Fionnáin, as an Daingean go bhfuil ciall ag baint le fógra na seachtaine seo caite go mbeidh an ceathrú dáileog den vacsaín i gcoinne an víris chorónaigh le fáil acu seo atá os cionn 5 bliana is 3 fichid mar gurb iadsan is mó atá ana-bhreoite leis an víreas.

Fáilte curtha roimh laghdú 20% ar tháillí bhus tuaithe

Tá sé ráite ag Teachta Dála Fhianna Fáil, Aindrias Ó Muíneacháin as Cúil Aodha, go gcuidíonn an laghdu 20% atá déanta ar phraghas taistil ar na busanna go mór le pobal na tuaithe ach go gcaithfear tuilleadh a dhéanamh ar a son.