Míoca

Tá Grúpa Gníomhaíochta Míoca sásta leis an éisteacht a fuair siad leis an Taoiseach, Michéal Martin, le linn a chuairte ar Dhún na nGall Dé Sathairn.

Dúirt siad go dtug sé cluas mhaith éisteachta daofa, gur chuir sé go leor ceisteanna orthu, agus gur léir go bhfuair sé tuiscint mhaith ar chás na n-úinéirí tí.

Chuir an Grúpa Gníomhaíochta caipéis dhá leathanach de éilimh ar fáil don Taoiseach, ina raibh naoi gcinn déag de phointí.

Hiodráin dóiteáin

Caithfear iniúchadh iomlán a dhéanamh ar na hiodraint dóiteáin ar fud iarthar na contae ar bhonn práinne, a dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

Dúirt sé go raibh fadhb le roinnt hiodraint dóiteáin agus briogáid dóiteáin an Chlocháin Léith ag iarraidh déileáil le tine tí i gceantar Mhullach Dubh Dé Sathairn.

Rinne an Comhairleoir teagmháil le hUisce Éireann le heolas a fháil uathu ar bhonn práinne faoina fadhbanna a deir sé a bhí le hiodraint dóiteáin sa cheantar ag an deireadh seachtaine.

Anne McHugh

Dúirt Príomh Fheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall Anne McHugh go mbeidh deis ag an Bhord iarratais a dhéanamh ar mhaoiniú breise ós rud é go bhfuil Ionad Eachtraíochta Ghartáin anois faoi chúram na Roinne Breis Oideachais agus ní an Roinn Oideachais.

Dúirt sí go mbeidh deis obair forbartha a dhéanamh ar an Ionad agus cur le líon na gcúrsaí ansin.

Oideas Gael

Tá obair iontach ar bun ag an eagraíocht Oideas Gael i nGleann Cholm Cille ag cruthú deiseanna do dhaoine gur mian leo Gaeilge a fhoghlaim, a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, An Teachta Jack Chambers.

Dúirt sé gur léir go bhfuil ardchaighdeán ag baint lena gcuid oibre agus tóir ag daoine as achan chearn den tír agus daoine ó thar lear, ar chrúsaí Oideas Gael.

Covid-19

50 othar leis an Víreas Covid-19 atá ag fáil cóir leighis in Otharlann Leitir Ceanainn inniu, ardú do thriúr ar an lá inné.

Deimhníodh dhá chás úr den víreas san Otharlann le ceithre huaire fichead.

Dhá othar atá ag fáil cóir leighis in Aonad Dianchúram na hOtharlainne, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte inniu.