Covid

Tá 60 othar, a bhfuil an víreas corónach orthu in Otharlann Leitir Ceanainn inniu, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, sin laghdú de sheachtar ar an lá inné.

Deimhníodh 5 chás úr den víreas san otharlann le ceithre uaire fichead.

Othar amháin leis an víreas atá ag fáil cóir léighis in Aonad Dianchúram na hOtharlainne inniu agus dhá leaba atá saor san Aonad.

Pilleadh ar an Aifreann i ndiaidh Covid

Deir Easpag Dheoise Rath Bhotha, Alan Mac Eochagáin gur mhaith leis daoine a ghríosadh le pilleadh ar na hAifrinn go pearsanta, ón Cháisc ar aghaidh, seachas ar líne.

Dúirt sé go bhfuil na seirbhísí ar líne tábhachtach do dhaoine aosta agus do dhaoine tinne, agus dúirt sé gur mhaith leis go leanfaí ag craoladh Aifrinn ar líne amach anseo.

Dúirt sé fosta go bhfuil meascán de thuairimí faighte ag an deoise ó bhaill den phobal le tamall, faoi ról an phobail san Eaglais.

Seolfar Plean Tréadach na Deoise san Ard Eaglais I Leitir Ceanainn ag a 7.00 Déardaoin.

Beidh seoladh sna paróistí sa deoise an deireadh seachtaine ina dhiaidh sin.

Coláistí Samhraidh agus ganntan lóistín

'Tá ganntanas lóistín ag cur isteach go mór ar Choláistí Samhraidh i mbliana go háirithe i nDún na nGall' a dúirt Maria Nic Dhonnacha, Feidhmeannach Forbartha Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh nó CONCOS.

Dúirt sí go bhfuil 40 teach loistín i nDún na nGall nach bhfuil ar fáil i mbliana do scoláirí Gaeilge, sin ganntanas de 423 leabaí agus go bhfuil seo ag cruthú fadhbanna móra do Choláistí Samhraidh i nGaeltachtaí ar fud na Condae.