Gairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór

Tá cead tugtha ag an Aire Oideachais Norma Foley píosa breise a chuir le Gairmscoil Mhic Diarmada ar Oileán Árainn Mhór. Tá cead tugtha Seomra ranga breise agus seomra ealaíne a thógáil chomh maith le dhá leithreas. Ag fáiltiú roimh an scéala dúirt an tAire Talmhaíochta Charlie Mc Conologue go mbeidh tairiscintí a lorg anois ó Chonraitheoirí don obair thógála.

Cé Mhachaire Rabhartaigh

Tá dóchas anois go gcuirfear tús leis an obair dhreideála ag Cé Mhachaire Rabhartaigh ar an tseachtain seo chugainn. Dúirt Cathal Mac Suibhne, Innealtóir Mara na Comhairle Condae go ndearna siad iarratas éigeandala chuig an Roinn Tithiochta agus Rialtas áitiúil agus go bhfuil dóchas go dtabharfar ceadúnas agus go mbeidh tús a chuir leis an obair Dé Céadaoine. Measann sé go nglacfaidh an obair dhreideála seachtain.

Togra chun an Traonach a chosaint

Seolfar Tionscadal Caomhnaithe leis an Traonach a chosaint, go hoifigiúil i nGort a Choirce inniu. Tá an Togra atá faoi stiúir Tionscnamh Traonach Life ag obair le pobail, úinéirí talaimh agus feirmeoirí le hiarrachtaí a dhéanamh an Traonach a chaomhnú agus a chosaint. Beidh na hAiri Stáit Malcolm Noonan agus Pippa Hackett i láthair ag an ócáid chomh maith le feirmeoiri agus bunadh na nOileán. Cuirfear tus leis an ócáid ar 9.30.

Covid-19
68 othar leis an Víreas Covid 19 atá ag fáil cóir leighis in Otharlann Leitir Ceanainn inniu, laghdú de sheisear déag ar an lá inné.Deimhníodh deich gcás úr den víreas san Otharlann le ceithre huaire fichead. Othar amháin atá ag fáil cóir leighis in Aonad Dianchúram na hOtharlainne, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte inniu.

Soláthar Uisce
Tá briseadh sa phíopa uisce atá ag freastal ar oileán Ghabhla arís an tseachtain seo, a dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig. Níl sé maith go leor nach bhfuil dul chun cinn ar bith déanta le dhá mhí agus an píopa seo éirithe go barr na farraige, agus briseadh sa phíopa anois, a dúirt sé. Rinne sé achainí arís ar Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ar Uisce Éireann an obair seo a dhéanamh ar bhonn práinne.

Agóid maidir le hathrú aeráide

Beidh agóid maidir le hathrú aeráide ar siúl i Leitir Ceanainn inniu. Cuirfear tús leis an agóid dar teideal 'Fridays For Future' i gCearnóg An Mhargaidh ar phríomhshráid Leitir Ceanainn ar an 10 a chlog ar maidin agus mairfidh sé go dtí'n 1 a chlog. Beidh agóid eile díríthe ar chúrsaí aeráide ar siúl i gCathair Dhoire inniu ó leath i ndiaidh a 3 go leath i ndiaidh a 4.

Ócáid bhronnta Ghlór na nGael

Cuirfear tús le clár dheireadh seachtaine d'ócaid bhronnta Ghlór na nGael i nGaoth Dobhair tráthnóna inniu. Is in Amharclann Ghaoth Dobhair a chuirfear tús leis na himeachtaí ag 7.30, áit a mbeidh ceol leis an Chrann Óg, seoladh leabhair agus táispeántas ealaíona. Sé san oíche amárach a bheas ócáid bhronnta Dhuaiseanna Ghlór na nGael in Ostán na Cúirte ag a 7.00.

Gradam Ceoil TG4

Bronnadh Gradam Grúpa Ceoil Tg4 na Bliana 2022 ar an Ghrúpa Ceoil Skara Brae ag ócáid bhronnta na nGradam in Ostán an Camden Court i mBaile Átha Cliath aréir. Rinneadh comóradh leath chéad bliain ar an t-aon Albam a d'eisigh Skara Brae i Mí na Nollag anuraidh.