Covid-19

Deimhníodh níos mó ná 2,500 cás den Víreas Covid-19 i nDún na nGall ón 26ú do Mhí na Nollag go dtí'n chéad lá do Mhí Eanáir na bliana seo, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Lárionad Faire Um Chosaint Sláinte.

1,594 cás i measc achan 100,000 duine an ráta cásanna atá sa Chondae anois agus atá níos airde ná an mheán ráta náisiúnta de 1,366.

Ba naoi mbliana is fiche d'aois an meán aois dóibh siúd a fuair an Víreas Covid 19 i nDún na nGall sa tréimhse sin.

Tá Dún na nGall ar an ochtú Condae leis an ráta is airde cásanna den Víreas Covid 19 sa tír, de réir na bhfigiúirí is deireanaí atá foilsithe.

Cóitseálaí Saoil

Tá ardú 50% tagtha ar líon na ndaoine atá ag lorg tacaíochta ón Chóitseálaí Saoil Margaret Anne Ní Fhearraigh atá lonnaithe sna Rosa ó thus na géarchéime sláinte.

Measann sí gur daoine óga is mo atá buailte mar go dtáinig athrú mór ar a saol agus go raibh siad scartha óna gcairde agus a gcomhluadar.

Deir Margaret Anne Ní Fhearraigh go bhfuil méadú arís ar an eagla atá ar dhaoine mar gheall ar an ardú ar chásanna Covid 19 rud atá ag cur brú agus strus ar dhaoine. Ta sí ag moladh do dhaoine atá faoi bhrú cuidiú a lorg.

Lucht gnó

Tá sé curtha i n-iúl ag an Roinn Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta inniu go bhfuil scéim úr curtha ar bun le faoiseamh i rátaí gnó a thabhairt do lucht gnó sa Chondae don chéad trí mhí den bhliain seo.

Cuireadh roinnt scéimeanna i bhfeidhm le linn na géarchéime sláinte le nach mbeadh rataí gnó le híoc ag gnólachtaí sa Chondae a raibh tionchar mhór ag an Víreas Covid 19 ar a ngnóanna.

Deir an Chomhairle Condae gur scéim leasaithe é seo nach mbeidh chomh leathan le scéimeanna eile a bhí i bhfeidhm roimhe seo agus a bhéas dírithe ar ghnóanna áirithe, ina measc gnóanna in earnáil an fháilteachais, fóillíochta, siamsaíochta agus earnálacha eile bainteach le cúrsaí turasóireachta.

Beidh córas uathoibríoch i bhfeidhm ag an Chomhairle Condae agus ní gá do ghnóanna iarratas a dhéanamh faoin scéim.

Madaí

Tá madaí ag cur isteach go mór ar dhaoine amuigh ag siúl ó Chorrán Binne go Port na Bláiche agus go Dún Fionnchaidh, a dúirt an Comhairleoir Contae Michael McClafferty.

D'iarr sé ar dhaoine a bhíonn ag siúl le madaidh sa cheantar sin, iad a choinneáil faoi smacht.

Tharla eachtraí le tamall inár mhothaigh daoine eaglach maidir le madaidh a bheith ag rith fán trá sa cheantar, le cois ar imeall an bhealaigh fosta, a dúirt sé.

Dúirt an Comhairleoir McClafferty go bhfuil imní ar fheirmeoirí sa cheantar de bharr caoirigh a bheith ag iompar uain faoi láthair, agus gur cailleadh uain blianta eile, de bharr ionsaithe a rinne madaidh ar chaoirigh.

Ba cheart dona húinéirí na madaidh a choinneáil faoi smacht i gcónaí, a dúirt an Comhairleoir McClafferty.

Ionad Seirbhísí Poiblí

Deir Stiúrthóir Rannóg Corparáideach agus Tithíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall, Patsy Lafferty, go bhfuil achan iarracht ar bun ag an Chomhairle i gcónaí go mbíonn an Ghaeilge i gcónaí mar theanga oibre in Ionad Seirbhísí Poiblí na Comhairle ar an Chlochán Liath.

Bhí sé ag freagairt ceiste ón Chomhairleoir Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, a lorg eolas maidir le cén plean atá ag an Chomhairle gur baill foirne le Gaeilge a earcaítear in ionaid de chuid na Comhairle atá ag freastal ar an Ghaeltacht.

Dúradh leis go mbíonn an rannóg acmhainní daonna sa Chomhairle ag obair i gcomhair le Rannóg Gaeilge na Comhairle maidir le earcaíocht in ionaid na Comhairle sa Ghaeltacht, le cinntiú go bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge ag baill foirne a bheadh ag déileáil leis an phobal.

Tá sé tábhachtach go mbeidh Gaeilge ag baill foirne sna hionaid atá faoi chúram na Comhairle Contae le déileáil tré mheán na Gaeilge le pobal na Gaeltachta, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig.