Covid-19

Tá ardú ar líon na n-othar leis an Víreas Covid-19 in Otharlann Leitir Ceanainn inniu. 66 othar leis an Víreas Covid-19 atá san Otharlann inniu, sin ardú do dheichear ar an lá inné.

Cúig othar leis an Víreas Covid 19 atá ag fáil cóir leighis san Aonad Dianchúram, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Tá Otharlann Leitir Ceanainn ar an dara Otharlann leis an líon is airde d'othar leis an Víreas Covid-19, sa tír inniu.

Vacsaín

Tá deis ag daoine idir sé bliana déag agus naoi mbliana is fiche coinne a chuir in áirithe leis an dáileog bhreise den vacsaín in éadán Covid-19 a fháil ag Ionad Vacsanaíthe Leitir Ceanainn an deireadh seachtaine seo.

Beidh an clinic oscailte Dé Sathairn idir 3:30 agus 7:30 agus ar an Domhnach idir 1:30 agus 7:30 agus thig coinne a chuir in áirithe ar shuíomh hse.ie anois.

Íocaíocht

Tá ardú ar líon na ndaoine a fuair íocaíocht Covid-19 an Rialtais i nDún na nGall, de réir figiúirí úra a d'fhoilsigh an Roinn Coimirce Sóisialaí inniu.

1,936 duine atá ag fáil íocaíocht Covid 19 an tseachtain seo i gcomparáid le 1,523 duine, tá coicís ó shoin, sin ardú de 413 duine.

Tá ardú fosta ar líon na ndaoine a fuair Íocaíocht Tinnis Covid-19 sa Chondae le coicís anuas.

Balla cosanta

Dúirt an Comhairleoir Condae Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig go bhfuil géarghá le balla cosanta a bheith tógtha ag Céidh Mhachaire Rabhartaigh, áit a raibh fadhbanna le seachtain anuas le feamnach agus gaineamh ag carnadh in aice na céibhe.

Tugadh inneall tochailte go Machaire Rabhartaigh le láthair na céibhe a ghlanadh ach níl anseo ach réiteach gearrthéarmach ar fhadhb leanúnach a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easbuig.

Míoca

Ba cheart iarracht a dhéanamh na seanfhuinneoga agus doirse óna tithe atá le leagaint de bharr míoca a chur chuig eagraíochtaí carthanachta sna tíortha bochta, a dúirt an Comhairleoir Contae Barry Sweeney.

D'fhéadfaí na fuinneoga agus na doirse óna tithe atá le leagaint a chur chun na hAfraice nó tíortha a raibh nó a bhfuil cogaidh iontu, a dúirt sé.

Dúirt an Comhairleoir Sweeney gur phlé sé é seo le Fondúireacht Mellon Trust, agus gur cheart don Chomhairle Contae an cheist a phlé leo fosta.