Tá tréan-iarracht vacsaínithe agus tástála ar bun ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte in Oir-Dheisceart na tíre, agus tá beartaithe go mbeidh roinnt daoine ag obair ar Lá Nollag féin.

Tá tairiscintí fachta ag Comhairle Contae Chiarraí chun méadair pháirceála chliste a chur ar fáil sa Daingean agus i mbailte eile, agus tabharfar an conradh don obair go luath san athbhliain.