Míoca

Tá an tAire Tithíochta Darragh O'Brien dóchasach, a deir sé, go n-oibreoidh Scéim Chúitimh Míoca agus nach mbeidh daoine as póca.

D'fhógair an tAire O Brien inne uasmhéid de €420.000 d'úinéir tí lena gcuid tithe a ath-thógáil.

Thug sé le fios go bhfuil an scéim dírithe ar thithe ina bhfuil teaghlaigh ina gcónaí iontu agus go ndéanfar athbhreithniú amach anseo ar thithe saoire agus ar fhoirgnimh eile atá buailte le míoca.

Dúirt an tAire O'Brien go bhfuil sé dóchasach go gcuirfear tús le próiseas na scéime go luath.

Cúiteamh

Is dea-scéala an méid a fógraíodh inné i scéim chúitimh míoca, a deir an Seanadóir Niall Blaney.

Beidh an scéim úr mar fhaoiseamh mór do theaghlaigh, le cur ar a gcumas a dtithe a chóiriú, agus ghabh sé buíochas leo as an fhoighid a bhí acu.

Ghabh sé buíochas leis an Taoiseach agus leis na hAirí Darragh O'Brien agus Charlie McConalogue as a gcuid oibre leis an scéim leasaithe.

Grúpa Gnímh

Beidh ar úinéirí tí a bhfuil míoca acu, €65,000 ar an mheán a íoc as a bpóca féin lena dtithe a thógáil go húr, a dúirt Michael Doherty ó Ghrúpa Gníomhaíochta Míoca.

Dúirt sé go mbeidh daoine as póca go mór de bharr an scála a bhaineann le méid na dtithe.

Dúirt sé gur scéim réasúnta maith an scéim a fógraíodh, ach go gcruthóidh an scála bunaithe ar mhéid an tí, go leor fadhbanna do úinéirí tí.

Teastaíonn aon scála amháin, agus é sin a bheith ag €150 do achan troith cearnach, a dúirt Michael Doherty.

Teastaíonn leasú ar an scéim a fógraíodh inné le go mbeidh glacadh leis agus le go gcuirfear fáilte roimhe, a dúirt sé.

Fiú le €150 an troith cearnach beidh daoine as póca, a dúirt sé, ach ní mar atá faoin scéim úr, dar leis.

"Cur i gcéill"

Is cur i gcéill an méid atá a rá ag an Rialtas go bhfuil cúiteamh 100% ar fáil do dhaoine a bhfuil MICA ina dtithe, a deir Neasa Ní Chnáímhsí as Bun Cranncha a bhfuil míoca ina teach.

Ag brath ar mhéid an tí, níl cúiteamh 100% ar fáil faoin scéim a fógraíodh inné, agus beidh go leor daoine na mílte euro as póca, a dúirt sí.

Is scannal amach an méid a d'fhógair an Rialtas inné, a dúirt sí, agus tá sé soiléir anois nach féidir brath ar an Rialtas reatha an ghéarchéim seo a réiteach, a dúirt sí.

Teachtaí Dála

Caithfear toiseacht go húr arís ar scéim chúitimh míoca agus deireadh a chur leis an scála a bhaineann le méid na dtithe, a deir Teachtaí Shinn Féin i nDún na nGall, Pádraig Mac Lochlainn agus Piaras Ó Dochartaigh.

Beidh na mílte euro le híoc ag úinéirí tithe faoin mhodh oibre sin, agus dá bharr ní scéim chúitimh 100% atá ceadaithe, a dúirt siad.

Ní bheidh sé d'acmhainn ag teaghlaigh an t-airgead seo a íoc agus caithfear scéim a bheas in ann freastal ar an phobal a chur ar fáil, a dúirt na Teachtaí Pádraig Mac Lochlainn agus Piaras Ó Dochartaigh.

Coimisiún na hEorpa

Tá Coimisiún na hEorpa ag diúltú tuarascáil a rinneadh i 2018 , ina bhfuil líomhaintí láidre, a deirtear, i gcoinne iascairí na hÉireann, a chur ar fáil do earnáil iascaireachta na hÉireann, a deir Cumann Iascairí na gCealla Beaga.

Deir Seán O'Donoghue, Príomhfheidhmeannach Chumann Iascairí na gCealla Beaga go bhfuil an tuarascáil seo a lorg acu le trí bliana, mar go dteastaíonn eolas uathu faoi líomhaintí ina gcoinne.

Tá fiosrúcháin faoi chleachtais iascaireachta a gcur ar bun ag eascairt as an tuarascáil seo, agus níl sé ceart nach bhfuil cóip a chur ar fáil don earnáil le go bhfeicfí na líomhaintí ina gcoinne, a deir tan KFO.

Is cosúil go bhfuil líomhaintí faoi mar a thomhaistear iasc ag céibhanna na tíre seo, agus is cosúil gur seo an fáth gur dúradh nach féidir iasc a thomhais sna monarcha éisc feasta, a dúirt Seán O'Donoghue.

Níl iascairí ábalta iad féin a chosaint nuair nach bhfuil siad eolach ar cibé líomhaintí atá ina gcoinne sa tuarascáil seo, a dúirt sé.