Míoca

Cuirfear sonraí agus eolas ar Scéim Chúitimh Míoca do na mílte úinéir tí os comhair Bhord an Rialtais maidin inniu agus de réir chosúlachta dhéanfaidh Coiste Gníomhaíochta Míoca an scéim sin a dhiúltú.

Meastar go mbeidh uasmhéid de €420,000 ar an scéim agus deir an Coiste go mbeidh go leor daoine as póca leis an méid sin agus nach mbeidh glacadh ar bith acu leis.

Aréir bhí leasuithe a ndéanamh ar an méid airgid do gach troigh cearnach a bheas a chur ar fáil d'úinéirí tí agus tá tuairimíocht ann go n-ardófaí sin ó 138 euro an troigh cearnach anois .

Tuigtear fosta go gcuirfear tithe ar cíos san áireamh faoin scéim má bhí na foirgnimh cláraithe leis an Bhord um Thionóntachtaí Cónaithe ag tús na míosa seo.

Deir an Coiste Gníomhaíochta Míoca go mbeidh siad ag eagrú tuilleadh agóidí i mBaile Átha Cliath múna mbeidh toradh dearfach ar fhógra an lae inniu.

Neasa Ni Chnáimhsí

Dúirt Neasa Ni Chnáimhsí as Bun Cranncha, a bhfuil Mica ina teach cónaí féin nach mothaíonn sí ró-dhóchasach go mbeidh glacadh leis an scéim a bhfógrófar inniu.

Dúirt sí go bhfuil se tábhachtach cinnteacht a thabhairt d'úinéirí ti sa dóigh is go dtig leo pleananna a dhéanamh fána dtithe agus fána saol.

Dúirt Neasa Ni Chnáimhsí gur cúiteamh 100% an rud is lú ar cheart a fhógairt inniu, ach go bhfuil costais go leor eile i gceist fosta , ina measc costais stórais agus cíosa chomh maith le costas leis an teach a leagaint mar a tharla inné droch chuma ar an Chomhairle Contae, a dúirt an Comhairleoir Michael McClafferty.

Plean Forbartha

Dhiúltaigh Comhairleoirí Contae Dhún na nGall glacadh le moladh ó fheidhmeannaigh na Comhairle inné, maidir le leasú a dhéanamh ar pholasaí Phlean Forbartha na Contae a bhaineann le tuirbíní gaoithe.

Bhí moladh ag feidhmeannaigh na Comhairle nach mbeadh aon tuirbín ceithre oiread airde an tuirbín in aice le teach cónaithe, ach dhiúltaigh Comhairleoirí glacadh le sin, agus moladh gur deich n-oiread airde an tuirbín ó theach a d'fhéadfaí tuirbín a chur feasta.

Vótáil 24 Comhairleoir ar son an leasaithe sin ón Chomhairleoir Gary Doherty agus vótáil ochtar Comhairleoir ina choinne.

Dúirt an Comhairleoir Doherty go bhfuil go leor dena tuirbíní úra atá 170 méadar ar airde agus gur seans go mbeidh cinn úra amach anseo fiú níos airde ná sin.

Dúirt sé go bhfuil Dún na nGall ar maos le muilte gaoithe agus gur cheart amharc ar fhoinsí úra fuinnimh inathnuaite seachas tuirbíní gaoithe.