Covid-19

Tá imní léirithe ag an Dochtúir Anthony Breslin, Stiúrthóir Sláinte Poiblí Fheidhmeannacht an Seirbhíse Sláinte san Iar Thuaisceart maidir leis an ardú suntasach atá tagtha ar líon na gcásanna den Víreas Covid 19 i nDún na nGall le seachtain anuas.

Dúirt an Dochtúir Breslin go bhfuil suas le 200 cás sa lá den víreas sa Chondae agus gur deimhníodh líon ard cásanna sa Chondae Dé Céadaoin is chuaigh thart áit ar deimhníodh 182 cás In ainneoin go bhfuil ardú ar chásanna sa Chondae.

Dúirt an Dochtúir Breslin nach bhfuil ráigeanna ar bith den víreas sna scoltacha agus cé gur deimhníodh ráigeanna den víreas in otharlanna pobail agus ionaid altranais nach bhfuil na daoine seo chomh dona tinn dá bharr go bhfuil an vacsaín in éadan an víris faighte acu.

Dúirt an Dochtúir Breslin go dtáinig formhór na gcásanna sa Chondae as imeachtaí shóisialta agus mhol sé don phobal cloí le scaradh sóisialta, masc a chaitheamh agus fanacht sa bhaile má tá comharthaí sóirt víris orthu agus tástáil Covid 19 a fháil déanta.

Tá Otharlanna san Iarthuaisceart i measc na n-otharlanna is measa sa tír maidir le líon na n-othair atá ar liostaí feithimh na n-othar seachtrach. Seo de réir anailíse ar na liostaí feithimh oifigiúla de níos mó ná 220 míle duine atá ag fanacht níos mó ná dhá mhí dhéag dá gcéad choinne.

éiríonn na figiúirí atá curtha ar fáil ag Cumann Othar na hÉireann go bhfuil Otharlanna Ghrúpa Saolta i nDún na nGall i measc na n-otharlanna is measa sa tír o thaobh othair atá ar liostaí feithimh na n-othar seachtrach.

Luach tithe

Ba i gceantar na teorann a ba mhó a dtáinig méadú ar luach tithe le bliain, áit a dtáinig méadú 22% ar luach tithe, do réir an Lár Oifig Staidrimh.

Dúirt an Ceantálaí Éamonn Mac Giolla Bhríde gur easpa tithe ar díol agus éileamh mór ar thithe is cúis leis an mhéadú, agus dúirt sé go bhfuil éileamh mór ag daoine sna Sé Contae agus sa Bhreatain anois ar thithe ar chósta iarthar Dhún na nGall.

Tá go leor daoine ag iarraidh lonnú i nDún na nGall agus a bheith ag obair óna dtithe cónaithe, nó i moill dhigiteacha na contae feasta, a dúirt sé.

Dúirt Éamonn Mac Giolla Bhríde nach bhfuil mórán difir idir luach tithe in iarthar na contae anois le mar a bhí luachanna le linn an tíogair cheiltigh.T

á costas iontach ard ar thithe anois i gceantar na Cruite sna Rosann agus i nDún Fionnchaidh, a dúirt sé, agus tá luachanna ag dul in airde go mór fosta i gCloich Cheann Fhaola agus i nGaoth Dobhair, a dúirt sé.

Ionaid Eolais Turasóireachta

Ba cheart níos mó Ionad Eolais Turasóireachta a chur ar fail i gceantar Bardais na nGleanntach a dúirt an Comhairleoir Condae Marie Therese Ni Ghallchóir.

Os rud é go dtáinig ardú ar líon na dturasóirí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, dúirt sí go bhfuil se níos tábhachtaí anois nó bhí riamh go mbeadh Ionaid Eolais sna bailte agus gach tacaíocht agus eolas a thabhairt do thurasóirí ar an cheantar.

Dúirt an Comhairleoir Ní Ghallchóir go bhfuil an pobail ag brath barraíocht ar dheá-thoil óna hIonaid Pobail agus ba cheart scrúdú a dhéanamh ar na féidiréachtaí Ionad Eolais Turasóireachta a chur ar fail, rud a rachadh chun sochair go mór d'Iarthair Dhún na nGall, a dúirt sí.

Bord Oideachais agus Oiliúna

Deá-scéal, a deir Cathaoirleach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall an Comhairleoir Condae Albert Doherty go bhfuil Stádas Ollscoile Teicneolaíochta faighte anois ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn i gcomhair le hinstitiúid, Shligigh, Mhaigh Eo agus na Gaillimhe.

Dúirt an Comhairleoir Doherty go gcruthóidh seo níos mo deiseanna agus postanna sa Chontae, go hairithe i Leitir Ceanainn agus Na Cealla Beaga.

Dúirt sé go dtabharfaidh sé níos mo deiseanna fosta do mhic léinn a gcuid oideachas 3u leibhéil a fhail sa bhaile.

Fliú na n-éan

Tá sé curtha in iúl ag an Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara inniu go mbeidh rialacha a gcur i bhfeidhm ar úinéirí tréad faoin Acht Sláinte agus Leasa Ainmhithe 2013, le hiarracht cosc a chur ar spréadh fhliú na n-éan sa tír.

Deimhníodh cás de fhliú na n-éan in éanacha fhiáine i nDún na nGall ar an tseachtain is chuaigh thart. Mar thoradh ar na rialacha seo beidh ar úinéirí tréad beartais bithshlándála a chur i bhfeidhm le éanlaith feirme agus éanacha eile a chosaint ón ghalair.

Tiocfaidh na rialacha seo i bhfeidhm ón lá amárach ar aghaidh.

Deir Paidí Browne Comhairleoir le Teagasc nár cheart don phobal dhul a chor eanacha atá tinn nó marbh agus teagmháil a dhéanamh leis an Roinn má tá amhras ar bith maidir le cás de fhliú na n-éan ar fheirmeacha.

Síneadh le scoil

Tá fáilte curtha ag an Chomhairleoir Condae Noreen Nic Gairbheith roimh an scéala inniu ón Aire Talmhaíochta Bia agus Mara Charlie McConalogue go bhfuil síneadh breise ceadaithe ag an Roinn Oideachais do Scoil Naomh Cholmcille ar Oileán Thoraigh.

Beidh dhá sheomra breise a gcur leis an scoil mar pháirt den fhorbairt.

Dúirt Noreen Nic Gairbheith gur deá-scéala é seo do phobal an oileáin, do fhoireann na scoile, do thuismitheoirí agus do pháistí atá ag freastal ar an scoil.