MICA
Tá díomá léirithe ag Eileen Doherty ón Ghrúpa Gníomhaíochta MICA maidir le ríomhphost faoi chruinnithe MICA a sheol Oifigí ón Roinn Tithíochta chuig an Ghrúpa.

Sheol Oifigí ón Roinn Tithíochta ríomhphoist chuig an ghrúpa tré thaisme le gairid, ag maíomh nach raibh Eileen Doherty ach ag iarraidh achrann agus deacaireachtaí a chruthú sa chás.

Dúirt Eileen Doherty go raibh an Roinn Tithíochta neamh ghairmiúil leis an dóigh ar chaith siad leo sa ríomhphost agus go léiríonn seo an dímheas atá ag Oifigí na Roinne ar Uinéirí Tí atá buailte dá bharr brící lochtacha MICA a bheith ina dtithe cónaithe.

Leathanbhanda

Ábhar imní nach mbeidh córas iomlán leathanbhanda i nDún na nGall go dtin bhliain 2026, a dúirt Príomh Fheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall Anne Mc Hugh.

Dúirt sí go dtug Bord Náisiúnta Leathanbhanda na hÉireann le fios go mbeidh sé 5 bliana eile sula mbeidh clúdach iomlán leathanbhanda ag an Chondae rud a chiallaíonn go mbeidh go leor ceantracha gan seirbhís leathanbhanda a dúirt sí.

Seirbhís otharchairr

Beidh rún a chur os comhair na Dála ag Páirtí Shinn Féin an tseachtain seo ag iarraidh go gcuirfí tacaíochta ar fail do sheirbhís otharcharr Dhún na nGall ar bhonn práinne.

Tá teachtaí Shinn Féin Piaras Ó Dochartaigh agus Pádraig Mac Lochlainn ag iarraidh go mbeadh athbhreithniú iomlán ar na hacmhainní atá á gcur ar fáil don tseirbhís otharcharr sa Chondae i láthair na huaire.

Cásanna Covid

Tá 19 n-othar leis an Víreas Covid-19 in Otharlann Leitir Ceanainn inniu, meadú de dhuine amháin ar an lá roimhe sin.

Deimhníodh 7 gcás úr den víreas san otharlann le ceithre huaire fichead.

Ní raibh leabaí ar bith folamh in Aonad Dianchúram Otharlann Leitir Ceanainn aréir, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Brú ar na Bóithre

Caithfear brú a chur ar rannóg bóthair Chomhairle Contae Dhún na nGall leanstan den obair ar bhealach Rann na Feiste agus an bealach ón Luinnigh go Bun a Leaca i nGaoth Dobhair ag tús 2022, a deir an Comhairleoir John Shéamuis Ó Fearraigh.

Dúirt sé go bhfuil an dá bhealach seo ar chlár oibre na Comhairle Contae le tamall, agus go bhfuil géar ghá na bóithre seo a chríochnú chomh luath agus is féidir.

Dumpáil

Dúirt Micheál Mac Gairbheith, Stiúrthóir Comhshaoil Chomhairle Condae Dhún na nGall go ndéanfaidh an Comhairle Condae plé ar tuilleadh ceamaraí a chur suas in áiteacha ina bhfuil cuid mhór dumpáil mí dhleathach ag tarlú i gceantar Bardais na nGleanntach.

Rinneadh plé ar an méid dumpála mí dhleathach atá ag tarlú ag cruinniú ar an Chlochán Liath go háirithe idir Dun Fionnachaidh, An Fál carrach agus in Anagaire.