Fear gafa

Tá fear á cheistiú i Stáisiúin Gardaí Leitir Ceanainn faoi láthair ar amhras go raibh gunna ina sheilbh aige ag teach i gceantar Bhealach Féich inné.

Deir na Gardaí gur gabhadh an fear maidir le heachtra a tharla ag teach i mBealach Féich tráthnóna inné.

Níl eolas ar bith eile a thabhairt ag na Gardaí ag an phointe seo.

Covid-19

Sé othar déag leis an Víreas Covid-19 atá in Otharlann Leitir Ceanainn inniu, laghdú do sheisear ar an lá roimhe sin.

Beirt acu sin atá ag fáil cóir leighis in Aonad Dian Chúram Otharlann Leitir Ceanainn faoi láthair.

Deimhníodh cás amháin úr den víreas san otharlann le ceithre huaire fichead.

Bhí dhá ghnáth leaba folamh in Otharlann Leitir Ceanainn ag a 8.00 aréir agus ní raibh leabaí ar bith folamh san Aonad Dianchúram, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Míoca

Tiocfaidh Fochoiste Tithíochta an Rialtais le chéile tráthnóna inniu, áit a bhfuilthear le plé a dhéanamh ar an Scéim leasaithe míoca.

Cuireadh siar an cinneadh maidir le cúitimh do dhaoine a bhfuil míoca ina dtithe go dtí an 16ú nó an 23ú lá den mhí seo, nuair atáthar ag súil le fógra ar thacaíocht d'úinéirí tí.

Beidh an Taoiseach Micheál Martin i láthair ag an chruinniú a bhéas ar siúl ag 6 a chlog tráthnóna.

Taidhleoirí

Beidh Ambasadóir na Fraince Vincent Guérend agus Consul na Fraince do Chonnacht/Uladh Catherine Gagneux ar cuairt i gCondae Dhún na nGall inniu.

Ar maidin beidh siad ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, áit a dtabharfaidh siad cuairt ar oifigí Údarás na Gaeltachta, ar an GTeic, agus ar roinnt comhlachtai atá lonnaithe ar an Pháirc Ghnó.

Rachaidh siad ansin go Leitir Ceanainn le castáil le hionadaithe éagsúla ón bhaile, ina measc Cathaoirleach Choiste Cheantar Bardais Leitir Ceanainn agus Shraith an Urláir An Comhairleoir Jimmy Kavanagh, Uachtarán LYIT Paul Hannigan agus Toni Forrester ó Chumann Tráchtála Leitir Ceanainn.

Údarás na Gaeltachta

Tá súil ag Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh go neartóidh cuairt Ambasadóir na Fraince, Vincent Guérend ar Ghaoth Dobhair inniu , an ceangal atá idir Gaeltacht Dhún na nGall agus gnónna sa Fhrainc.

Cuirfear béim ar leith ar acmhainní cultúrtha agus ealaíne na Gaeltachta le linn na cuairte seo a dúirt sé agus beidh an ceoltóir Mairéad Ní Mhaonaigh agus Micheál Ó Fearraigh ó Ealaín na Gaeltachta ag déanamh cur i láthair don ghrúpa.

Tá go leor comhlachtaí i nGaeltacht Dhún na nGall a bhfuil ceangal acu le margaí sa Fhrainc, go háirithe ó thaobh acmhainní mara de, a dúirt Micheál Ó hÉanaigh agus is í an Fhrainc an comharsa trádála is giorra d'Éirinn anois, ó tharla an Bhreatimeacht.

Tithe Gloine

Beidh Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair agus Príomh Fheidhmeannach an Údaráis Micheál Ó hÉanaigh ar cuairt inniu ag Lár Ionad Acmhainní Nádúrtha Chill Ulta nó na Tithe Gloine.

Beidh siad ag castáil leis an Dr Fiona Ní Dhubhchoin as Ollscoil Bhaile Átha Cliath , le eolas a fháil faoi thogra éiceolaíoch a bhéas ag toiseacht san Ionad i mí Eanáir, dírithe ar úsaid a bhaint as tairgí nádúrtha san fheirmeoireacht, seachas ábhar ceimiceach.

Tá infheistíocht de 160,000 euro faighte don togra seo, agus beidh micléinn as Ollscoil Bhaile Átha Cliath i mbun taighde i gCill Ulta mar chuid den togra seo.

Ráth Maoláin

Tá sé fógraithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil an comhlacht ailtireachta Robin Lee ceapaithe le dhul i mbun togra athghiniúna do Ráth Maoláin.

Ag fáiltiú roimh an scéala, duirt Cathaoirleach Cheantar Bairdis na nGallóglach Jimmy Kavanagh go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le aithghiniuint bailte agus go rachaidh an togra seo go mór chun sochar do bhaile Ráth Maoláin.