Ionad Vacsaínithe le athlonnú

Tá iarrachtaí ar bun faoi láthair suíomh a aimsiú i gceantar Leitir Ceanainn leis an Ionad Vacsaínithe atá lonnaithe ag an Mol Measúnaithe Pobail i gCill Mhic Réanáin a athlonnú, mar gheall ar easpa spáis.

Rinneadh an t-ionad vacsaínithe Covid 19 a bhí lonnaithe ar champas Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn a aistriú chuig an Mol measúnaithe pobail atá lonnaithe ar bhealach Chill Mhic Réanáin ar an mhí is chuaigh thart ach tuigtear anois go mbeidh ionad níos mó ag teastáil leis an vacsaín breise a dháileamh ar dhaoine.

Dúirt Urlabhraí ó Fheidhmeannach na Seirbhíse Sláinte go bhfuil sé beartaithe an vacsaín breise a dháileadh ar dhaoine atá idir 60-69 bliain d'aois ag oll-ionad vacsaínithe ón tseachtain seo ar aghaidh agus go mbeidh an vacsaín breise a dháileadh ar dhaoine atá idir 70-79 bliain d'aois ag an ndochtúir teaghlaigh.

24 othar san otharlann le Covid

Tá ceithre othar is fiche leis an víreas Covid 19 in Otharlann Leitir Ceanainn inniu, méadú do thriúr ar an lá roimhe sin.

Ceithre othar leis an víreas atá ag fáil cóir leighis in Aonad Dianchúram na hotharlainne faoi láthair.

Bhí Otharlann Leitir Ceanainn ar an dara otharlann a ba mheasa sa tír maidir le hothair ar thralaithe ar an mhí is chuaigh thart, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair Cumann Altraí agus Ban Chabhrach na hÉireann.

Bhí 943 othar ar thralaithe in Otharlann Leitir Ceanainn le linn Mí Dheireadh Fómhair na bliana seo, sin dhá oiread níos mó ná Mí Dheireadh Fómhair na bliana anuraidh.

Sábháilteacht phontoon ag céibh Theileann

Tá achainí déanta ag comhlacht Turais Báid Shliabh Liag i dTeileann ar Chomhairle Contae Dhún na nGall feabhas a chur ar chúrsaí sábhailteachta ag an phontoon ag céibh Theileann.

Deir siad go bhfuil contúirt mhór ag baint leis na céimeanna atá ag an phontoon, agus gur sleamhnán seachas céimeanna a ba cheart a bheith ansin.

Dúirt Caoimhe Ní Bheirn ó chomhlacht Turais Báid Shliabh Liag go bhfuil an cheist seo tógtha acu go minic leis an Chomhairle Contae, ach nach bhfuil dul chun cinn ar bith go dtí seo.

Tá €800,000 a chur ar fáil i 2022 ag Comhairle Contae Dhún na nGall le comh mhaoiniú a dhéanamh ar dheontais ó Ranna Rialtais.

Teastaíonn 25% de chomh mhaoiniú ón Chomhairle Contae maidir le mórchuid na ndeontas ón Rialtas, ach tá 50% de chomh-mhaoiniú ag baint le cuid acu, a dúirt ceannasaí airgid na Comhairle Contae, Richard Gibson.

Dúirt sé go bhfuil an leibhéal atá le híoc ag an Chomhairle Contae ró ard, agus ag cur bac ar dhul chun cinn tograí sa chontae.

Cuireadh don Aire Humphreys

Tá Coiste Oileáin Chomhairle Contae Dhún na nGall le cuireadh a thabhairt arís don Aire a bhfuil freagracht na n-oileán uirthi, An tAire Heather Humphreys, le castáil leis an choiste ar oileán amach ó chósta na contae.

Tugadh le fios ag cruinniú den Choiste Dé hAoine, gur seans maith nach mbeidh sé ar chumas an Aire cuairt a thabhairt ar oileáin Dhún na nGall roimh dheireadh na bliana seo, agus thairg sí cruinniú ar líne don choiste.

Níl cumhacht nó smacht ar bith ag Comhairleoirí Contae leis an struchtúr atá ar chóras Rialtas Áitiúil, a dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

Níl sé ceart ná cóir go gcaithfear glacadh arís agus arís eile le buiséid sa Chomhairle Contae, in áit diúltú don allúntas ata ar fáil, agus teachtaireacht láidir a chuir chuig an Rialtas, a dúirt sé.

Ní thiocfaidh biseach ar bith ar chúrsaí go dtarraingeofaí aird mar is ceart ar an easpa maoinithe atá ar fáil ón Rialtas do Chomhairlí Contae, a dúirt sé ag cruinniú buiséid Cheantar Bardais na nGleanntach le gairid.

Díomá léirithe leis na Waterboys

Cuireadh deireadh aréir le Féile an Fhómhair i nGaoth Dobhair agus d'éirí go maith leis an fhéile inár fhreastal na mílte as achan chearn den tír le seachtain anuas.

Léiríodh díomá ag Ceolchoirm na Waterboys aréir nuair a dhiúltaigh an banna leanstán leis an cheolchoirm a bhí le bheith ar siúl san ollphuball i Machaire Gathlán mar pháirt don fhéile, mar gheall ar dheacaireachtaí theicniúla agus cúrsaí sláinte agus sábháilteachta, a dúirt siad.

Ghabh Shane de Barra, Stiúrthóir Ace Promotions a d'eagraigh an fhéile leithscéal leis an lucht feachúna agus dúirt sé in ainneoin gur dheimhnigh an chomhlacht a bhí i gceannas ar an ollphuball go raibh sé sábháilte leanstán leis an cheolchoirm, gur dhiúltaigh an Banna The Waterboys theacht arais ar an ardán agus leanstán ar aghaidh leis an cheolchoirm.

Dheimhnigh Shane de Barra go mbeidh socruithe a ndéanamh anois le costas na dticéad a aisíoc le daoine.