Meabhairshláinte


Tá sé ráite ag an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh inniu gur ábhar imní iad na liosta féithimh do sheirbhisí meabhairshláinte do dhaoine óga i gContae Dhún na nGall.

Léiríonn figúirí a cuireadh ar fáil don Teachta Dála Mark Ward go bhfuil moill fhada ar liosta feithimh le coinne comhairlóireachta a fháil leis an tseirbhís 'Jigsaw' a chuireann seirbhísí meabhairshláinte ar fáil do dhaoine óga.

Léiríonn na figúirí go bhfuil Dún na nGall i measc na gcontaetha is measa do liosta féithimh fada do sheirbisí meabhairshláinte agus go bhfuil ar dhaoine fanacht 8 seachtainí le coinne comhairleoireachta a fháil sa chontae.

Téarma príosúin

Gearradh tearma príosúnachta 7 mbliana ar fhear i gCúirt Chuardach Leitir Ceanainn as bean a sáitheadh 7 n-uaire.

Rinne an fear nach dtig a ainmniú an bhean a sáitheadh 7 n-uaire agus as piliúr a chur ar mhuallach a haghaidh ag teach i Seanbhaile, Leitir Ceanainn.

Phleadáil an fear ciontach as na cúiseanna a cuireadh as a choinne roimhe seo i mí Iuil 2020 chomh maith le cúiseanna a bhaineann le buirgléireacht, ionsaí a dhéanamh agus as ordú urchoisc a shárú.

Dúirt an Breitheamh John Aylmer go raibh an bhean iontach ádhúil gur éirigh léi a theacht slán agus nár bhain a thuilleadh gortaithe di mar gheall ar eachtra.

Fiontar Áitiúil

Dúirt Micheal O Tonnaigh, Ceannasaí Bhord Fiontar Áitiúil Dhún na nGall go mbeidh ar Dhún na nGall níos mo oibrithe oilte a mhealladh, ma tá an eacnamaíocht le fás sa Chondae.

Dúirt se go bhfuil ganntanas mór ag Comhlachtai oibrithe oilte a earcú agus go mbeidh se ina dhúshláin mór oibrithe le scileanna ar leith a mhealladh go Dún na nGall .

Dúirt Micheal O Tonnaigh gur chuir Covid 19 leis na fadhbanna mar go ndearna go leor daoine athbhreithniú ar a saol, go hairithe a saol oibre.

Barrscéalta


D'éirigh leis an chlár Barrscéalta a chraoltar anseo ar RTÉ Raidió na Gaeltacha ó stúideó Dhoirí Beaga an gradam do Shraith Raidió na Bliana a bhaint ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath aréir.

Is í Michelle Nic Grianna a chuireann Barrscéalta i láthair agus is é Dónall Mac Ruairí a bhíonn i mbun léirithe ar an chlár.

I measc na mbuaiteoirí eile, d'éirigh le Peadar Mac Gaoithín as Baile na Finne a oibríonn mar Iriseoir le Nuacht RTÉ agus TG4 an gradam do Iriseoir na Bliana a bhaint amach agus d'éirigh le Máire Bhreathnach as Gort a' Choirce ó dhúchas ach a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Féirste an gradam do Phearsa Teilifíse na Bliana a bhaint amach ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais aréir.

Seirbhís aeir

Tá sé deimhnithe ag Conor McCarthy, Príomhfheidhmeannach Emerald Airlines in agallamh san Irish Times inniu go bhfuil suim ag an chomhlacht sa tseirbhís aeir idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath agus go mbeadh an comhlacht ag cur isteach tairisceana le dhul i mbun na seirbhíse.

Dúirt Conor McCarthy má éiríonn leo sa phróiseas tairsceanna go bhfuil súil acu a dhul i mbun na seirbhíse i mí Feabhra 2022 agus go mbeadh siad ag obair i gcomhair le Aer Lingus ar an tseirbhís chomh maith.

Martin Kenny


Tá sé deimhnithe ag an Teachta Dála do Dheisceart Dhún na nGall Martin Kenny gur dtearnadh bagairt gunna air inné.
Tuairscíodh inné gur glaoigheadh ar oifig Theachta Dála de chuid Shinn Féin id Teach Laighean inné agus gur dtearn an té a chur an scairt bagairt go raibh sé ar a bhealach go Teach Láigheán le gunna.

Dhearbhaigh an Teachta Kenny ar maidin gur ar oifig s'aige-san a rinneadh an bagairt agus rinne sé cáineadh láidir ar an eachtra.

Coláistí Gaeilge

Tá soiléiriú a lorg ag mná tí na gcoláistí Gaeilge i nDún na nGall ó Roinn na Gaeltachta ar an tacaíocht a bheas ar fáil daofa don bhliain seo chugainn.

Deir an grúpa Mná Tí Thír Chonaill gur lorg siad eolas ón Roinn agus ón Aire Stáit Jack Chambers cúpla uair, ach nach bhfuil soiléiriú ar bith a chur ar fáil daofa.

Deir siad fosta gur cheart pacáiste a chur ar fáil dona mná tí, le cuidiú leo dul i mbun oibre arís, díreach mar a cuireadh ar fáil do ghnóanna le ath-oscailt arís.

Scoil Mhic Goill


Tá tús a chur inniu le Scoil Mhic Goill sna Gleannta agus is ar líne a bheas imeachtaí arís i mbliana don dara bliain as a chéile. Mairfidh na himeachtaí go dtí'n Aoine.

Pláinéad Faoi Bhagairt atá mar théama i mbliana.

Cuirfear tús leis na himeachtaí le fáiltiú leis an Dr Joe Mulholland, Stiúrthóir Scoil Mhic Goill, ag a 10.00 ar maidin inniu.

Beidh na chéad chainteanna díreach ina dhiaidh sin, faoin teideal, An Paindéim, An Costas, Na Ceachtanna agus an Bealach Chun Tosaigh. I measc na gcainteoirí aige sin beidh an tOllamh Kingston Mills.

Dhéanfar plé ar Thionchar Eacnamaíochta na Paindéime ag 11.30 agus i measc na gcaineoirí beidh an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe.

Beidh cur síos ar ghanntanas bídh san Afghanastán ag 3.15 agus beidh cainteanna faoin Daonlathachas a

Bheith Faoi Ionsaí ag a 4.00. I measc na gcainteoirí ag an seisiún sin beidh an Feisire Eorpach Barry Andrews.

Cuirfear tús leis an seisiún deiridh ag a 5.15 tráthnóna le caint ón Ollamh Ian Robertson ó Ollscoil na Troinóide.

Agus beidh aitheasc leis an Taoiseach, Micheal Martin ina dhiaidh sin ag a 6.00 tráthnóna inniu.